Tá feachtas meán seolta chun spreagadh a thabhairt do dhaoine a bpáistí a thógáil le Gaeilge.
Tá an feachtas ‘Is fiú go mór é!’ seolta ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta agus teaghlaigh Ghaeltachta ag cur síos ar na buntáistí a bhaineann le clann a thógáil le Gaeilge.
Chomh maith le sraith físeán a fhoilsiú ar líne, beidh fógraí teilifíse agus raidió á gcraoladh mar chuid den fheachtas agus beidh fógraí á bhfoilsiú i nuachtáin chomh maith le hábhar eile a bheith á roinnt ar na meáin shóisialta.
Ghlac aon teaghlach déag páirt sa taifead, ó Dhún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí, agus bhí idir theaghlaigh a tógadh sa Ghaeltacht nó a bhog isteach san áit i gceist. Déanann siad go léir cur síos ar an tábhacht, ar an mbród agus ar na dúshláin a bhaineann le páistí a thógáil trí Ghaeilge.
Ina measc, tá Lucia arbh as Gailís na Spáinne di ach atá anois ag cur fúithi i gCeantar na nOileán i gConamara agus atá ag tógáil a páistí le Gaeilge lena páirtí Andreas ón nGearmáin. Déanann Andrea, arbh as an Iodáil dó ach atá anois ag cur faoi i gCorca Dhuibhne, cur síos freisin ar an tacaíocht a thugann an pobal timpeall air agus a bhean dó a leanbh óg a thógáil leis an teanga.
Ag labhairt di faoin bhfeachtas, dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, go raibh an eagraíocht “an-tógtha leis na teaghlaigh spreagúla seo agus an mórtas, bród, misneach agus dóchas a bhí le brath go láidir ina measc”.
“Is ceist an-chasta í ach tá súil againn go rachaidh na scéalta seo i bhfeidhm ar dhaoine agus go gcuirfidh sé i mbun machnaimh iad,” a dúirt Ní Chéilleachair faoin gcinneadh a dhéanann teaghlach a thógáil le Gaeilge.
Na comhlachtaí Aniar TV, We Are Moose, Oileán IT agus Lorg Media a rinne an togra seo i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta agus fuarthas maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.