Bhí cúis cheiliúrtha ag iarbhunscoil Ghaeltachta i gConamara don dara bliain as a chéile an bua faighte ag dalta ón scoil i gcomórtas aistriúcháin an Aontais Eorpaigh.
D’fhógair an Coimisiún Eorpach gurb é Fionnán Ó Coisdealbha, ó Choláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal, a bhuaigh duais na hÉireann sa chomórtas ‘Juvenes Translatores’, comórtas aistriúcháin d’iarbhunscoileanna an Aontais.
Aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge a rinne Fionnán.
Is í seo an dara bliain as a chéile a ghnóthaigh dalta ó Choláiste Chroí Mhuire duais na hÉireann – ba í Maitilde Warsop ón scoil chéanna buaiteoir na hÉireann in 2022.
Daltaí ó scoileanna i nGaillimh a fuair sé cinn de na seacht ‘moladh speisialta’ a thug na moltóirí d’iarratasóirí na hÉireann ar chomórtas na bliana seo.
Tugadh moladh speisialta do na haistriúcháin idir Bhéarla agus Ghaeilge a rinne Róisín Ní Churraoin ó Choláiste Chroí Mhuire agus do Rebecca Breathnach, Róisín Ní Lionaird, Katie Ní Lochlainn agus Seán Ó Laoghaire ó Choláiste na Coiribe i gCnoc na Cathrach, Cathair na Gaillimhe.
Fuair Renato Brule, ó Choláiste Éinde i mBóthar an Trá i nGaillimh, moladh speisialta as an aistriúchán a rinne sé ó Spáinnis go Béarla.
Bronnadh moladh speisialta eile ar Zuzanna Lacka, ó Choláiste Fhlannáin Naofa in Inis, Co. an Chláir, as aistriúchán ó Pholainnis go Béarla.
Ghlac 58 ndalta ó 13 meánscoil in Éirinn páirt sa chomórtas tras-Eorpach seo i mbliana. Ba é téama na bliana seo ‘a bheith de mhisneach agat difríocht a dhéanamh’.
Ghlac breis is 3,000 dalta ar fud na hEorpa páirt i gcomórtas na bliana seo.
Roghnaigh aistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh buaiteoir amháin ó gach tír san Aontas, chomh maith leis an 247 dalta a fuair moladh speisialta as an aistriúchán sármhaith a rinne siad.
An 21 Márta 2024 sa Bhruiséil a reáchtálfar an searmanas bronnta.
Thréaslaigh Johannes Hahn, an Coimisinéir um Buiséad agus um Riarachán, leis na daltaí.
“Sa lá atá inniu ann, tá sé níos tábhachtaí ná riamh tuiscint níos fearr a fháil ar chultúir agus ar dhearcthaí a chéile.
“Le scileanna teanga, is féidir ciall agus brí a bhaint as an saol agus cabhrú le daoine an bhearna eatarthu a líonadh. Go háirithe i bhfianaise na dtoghchán Eorpach atá ar na bacáin, is mian leis an Aontas go mbeidh guth láidir ag daoine óga agus go dtabharfar éisteacht dóibh.”