Tá grúpa oibre le bunú ag Roinn na Gaeltachta chun dul i ngleic leis an ngéarcheim tithíochta sa Ghaeltacht.
Tugadh an méid sin le fios le dénaí don ghrúpa feachtais BÁNÚ, nuair a chas siad le hoifigigh ón Roinn chun cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht a phlé.
Tugadh le fios ag an gcruinniú go bhfuil sé i gceist ag an Roinn an grúpa oibre a bhunú agus go dtabharfaí cuireadh d’eagraíochtaí éagsúla páirt a ghlacadh sa phlé.
Dúradh go raibh sé i gceist réiteach a fháil ar chuid de na fadhbanna atá ag muintir na Gaeltachta tithíocht a fháil ina gceantar féin.
Dúirt BÁNÚ gur mheabhraigh siad don Roinn go bhfuil sé de chumhacht aici faoin reachtaíocht deontais agus iasachtaí airgid a chur ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil sa Ghaeltacht.
Faoin Scéim Tithíochta Gaeltachta, a bhí ar bun ó 1929 go dtí gur cuireadh ar fionraí é in 2009, bhíodh cúnamh deontais á íoc le daoine sa Ghaeltacht a raibh Gaeilge ar a dtoil acu le tithe nua a thógáil nó le feabhsúcháin a dhéanamh ar thithe a bhí acu cheana féin.
Pléadh freisin ag an gcruinniú na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht atá beartaithe le fada ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ach níor tugadh aon soiléiriú nua maidir le cén uair a fhoilseofar iad.
Dúirt BÁNÚ go bhfáilteoidís roimh ghrúpa oibre faoin bhfadhb tithíochta sa nGaeltachta, fad is nach gcuirfí réiteach na faidhbe ar an méar fhada, mar a tharlaíonn go minic agus go mbeadh BÁNÚ sásta a bheith páirteach i ngrúpa oibre a mbeadh sprioc chinnte leagtha síos dó, le moltaí a chur le chéile.
Dúirt BÁNÚ go bhfuiltear le leanacht leis an bhfeachtas stocaireachta agus feasachta faoin ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht sna seachtainí atá romhainn.
Tá ceolchoirm á reáchtáil ag an eagraíocht i dteach tábhairne An Poitín Stil in Indreabhán i gConamara anocht, Dé hAoine, an 9 Feabhra. I measc na gceoltóirí a bheidh ag casadh beidh Ceann Gólaim, Na Rógairí, Colm Seoighe is na hEasóga, Johnny Óg Connolly, Micheál Darby, chomh maith le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige. Cuirfear tús leis an gceol ag 8.00in.