Tá an post do cheannasaí nua ar Rannán na Gaeilge sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán fógartha.
I measc na bpríomhchúraimí a bheidh ar an gceannasaí nua tá cuidiú le toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais i mbliain agus le straitéis nua don Ghaeilge a fhorbairt a thiocfaidh isteach nuair a bheidh deireadh leis an straitéis 20 bliain in 2030.
Deimhníodh do Tuairisc an mhí seo caite go raibh folúntas do ról sinsearach nua le fógairt sa Roinn agus go mbeadh an té a n-éireodh leis nó léi freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa Roinn.
Is ag leibhéal an Rúnaí Cúnta, an dara grád is sinsearaí sa státseirbhís, a cheapfar Ceannasaí Rannán na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tuarastal idir €156,472 agus €178,995 sa bhliain atá luaite leis an ról.
Is é Rannán na Gaeilge agus na Gaeltachta an t-aon cheann sa Roinn nach bhfuil faoi chúram Rúnaí Cúnta. Faoi láthair, is ar Stiúrthóir na Gaeilge a bhíonn freagracht na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Roinn, post atá céim níos ísle ná Rúnaí Cúnta.
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bheidh freagrach as an bpróiseas earcaíochta.
Deirtear san fhógra don fholúntas go mbeidh an Ceannasaí nua, a bheidh lonnaithe in oifigí na Roinne sna Forbacha i gConamara, freagrach as “seachadadh straitéisí, polasaithe agus aschur ardleibhéil do Rannán na Gaeilge agus na Gaeltachta”.
Déanfaidh an Ceannasaí bainistíocht ar bhuiséad bliantúil na Rannán agus ar an bhfoireann, timpeall 60 duine.
Beidh an duine seo freisin i gceannas ar mhaoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú chuspóirí an rannáin. Ar na cuspóirí sin tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus straitéis nua a fhorbairt do na blianta i ndiaidh 2030. Beidh an ceannasaí ag plé chomh maith leis an bPlean Náisiúnta um Sholáthar Seirbhísí Poiblí i nGaeilge agus le toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais in 2024.
Deirtear sa leabhrán eolais d’iarrthóirí go dtugtar faoi obair na Roinne “go príomha” trí mheán na Gaeilge.
Deirtear freisin go ndéanfar na hagallaimh don phost i nGaeilge agus nach mór d’iarrthóirí leibhéal an-mhaith Gaeilge labhartha a bheith. Táthar ag súil go mbeadh leibhéal C1, ar a laghad, ag iarrthóirí sa Ghaeilge scríofa acu i dTeastas Eorpach na Gaeilge.
Tá ardscileanna idirphearsanta agus cumarsáide agus tuiscint ar an gcóras polaitiúil agus riaracháin i dTuaisceart Éireann agus ar fheidhmíocht Chomhairle na Breataine-na hÉireann luaite i measc na gcáilíochtaí eile atá á lorg.
Is ceapachán i bpost buan sa Státseirbhís ar chonradh promhaidh a dhéanfar. Mairfidh an conradh promhaidh bliain.
Tá go dtí an Déardaoin 22 Feabhra 2024 ag iarrthóirí le cur isteach ar an bpost.