Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
scoil-na-seolta-ag-deanamh-reidh-cur-chun-farraige-i-mean-fomhair

Scoil na Seolta ag déanamh réidh cur chun farraige i Meán Fómhair

| conor torboid | , ,

D’fhógair Linda Ervine, gníomhaí teanga as oirthear Bhéal Feirste, suaitheantais úra Scoil na Seolta ar X/Twitter le déanaí. Caomhnaítear an bád agus an crann tógála a dearadh do Naíscoil na Seolta sna suaitheantais nua. Dearadh dhá leagan don scoil, ceann Gaeilge agus ceann i mBéarla, a chuireann le díospóireacht na comharthaíochta dátheangaí dar le Linda.

Tá Naíscoil na Seolta ar an fhód ó bhí 2021 ann, ag feidhmiú in dhá eaglais áitiúla in oirthear Bhéal Feirste. De thairbhe mhéadú na n-uimhreacha le blianta beaga anuas, aimsíodh suíomh úr i gceantar an Chaisleáin Riabhaigh/na Creagaí.

Scaipeadh bileog eolais ar an bhunscoil ar fud an cheantair áitiúil agus dar le Linda, fuarthas freagra iontach ó mhuintir na háite ag léiriú suim sa dul chun cinn.

Is dul chun cinn nach beag é seo a thagann i ndiaidh do Linda 12 bhliain de ghníomhaíochas pobail a dhéanamh le Turas. Soláthraíonn Turas ranganna Gaeilge ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda san ionad Skainos. Thairis sin, tugtar deis d’fhoghlaimeoirí stair na Gaeilge agus stair Uladh a fhoghlaim ar bhealach idirghníomhach a chothaíonn dáimh sna foghlaimeoirí.

Rinne Linda trácht ar an chomharthaíocht dhátheangacha nuair a chuir sí na suaitheantais úra amach ar X/Twitter.

Ní gan constaicí a fuarthas an bhunscoil, áfach, óir tá maoiniú stáit ag teastáil ón scoil go fóill. Ag labhairt di ar an phróiseas, dúirt Linda:

“Níl an próiseas furasta ar dhóigh ar bith. Bíonn dúshláin mhóra ag an choiste agus sáinn de chineál éigin le réiteach gach seachtain. Ní bheidh aitheantas againn ón Údarás Oideachais ná ón Roinn Oideachais agus beidh orainn bunscoil phríobháideach neamhspleách a bhunú ar dtús agus foinsí eile maoinithe a aimsiú don chéad trí bliana.

“Go hádhúil, fuair muid maoiniú nach beag ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte a bheireann deis dúinn leanstan ar aghaidh go ceann trí bliana in ainneoin na gcostas ollmhór.

“Clúdóidh an maoiniú seo costais na cóiríochta, ullmhúchán an tsuímh agus an cíos thar thréimhse trí bliana. Dar ndóigh tá foinsí eile againn. Beidh maoiniú againn ón Chiste Oideachas Imeasctha (IEF) le cuid den tuarastal múinteora agus tuarastal cúntóir ranga a chlúdach. Beidh orainn airgead breise a bhailiú fá choinne cuid mhór costas eile a bhaineann le trealamh agus costais reatha, áfach.”

In ainneoin na gonstaicí, tá an scoilphobal ag dúil leis an todhchaí agus dul chun cinn na scoile sna blianta amach romhainn. Rinne Linda trácht air seo:

“Tá muid uilig iontach dóchasach agus ar bís maidir le bunú na bunscoile úire ar shuíomh úr i mbliana, áit a mbeidh Naíscoil na Seolta lonnaithe fosta. Tá Scoil na Seolta le hoscailt i mí Mheán an Fhómhair. Gidh go bhfuil moll mór oibre le déanamh againn go fóill, tá na pleananna tógála anois le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus beidh muid i dteagmháil le conraitheoirí gan mhoill.

“Tá sé ar intinn againn dar ndóigh forbairt iomlán a dhéanamh, an bhunscoil a mhéadú ar an tsuíomh úr nó ar shuíomh eile i ndiaidh dornán de bhlianta más féidir. Tá sé mar sprioc againn aitheantas ceart a bhaint amach leis an Roinn Oideachais sa dóigh is go mbeidh Scoil na Seolta maoinithe ag an rialtas mar atá gach scoil eile in earnáil na Gaelscolaíochta agus san earnáil imeasctha.”

Is é “Páistí sona ag foghlaim le chéile” mana na scoileanna agus an t-oideachas imeasctha i gcroílár a n-éitis.

The post Scoil na Seolta ag déanamh réidh cur chun farraige i Meán Fómhair appeared first on NÓS.

Níos mó