Seoladh an taispeántas ‘Pobal Fungie 1988-1992’ le Seán Ó Mainnín, grianghrafadóír le Tuairisc, in oifig turasóireachta an Daingin, Co Chiarraí Dé Luain seo caite Foilsíodh leabhar pictiúr Sheáin faoin deilf i 1992. Tá an taispeántas dírithe ar an bpobal a a bhailigh timpeall ar Fungie. Is ón tréimhse 1988-1992 na pictiúir mura ndeirtear a mhalairt
Buachaill 4 bliana d’aois meallta ag Fungie i 1988, duine de na céadta míle duine a thaistil go dtí an Daingean chun an deilf a fheiceáil, deilf a chuir faoi dhraíocht iad. Bheadh an buachaill sin 40 bliain d’aois anois agus seans gur thug sé a chuid páistí féin chuig FungieCorraí beag san uisce a chuir tús leis an iontas bliain is dhá scór ó shinBa chara mór é Fungie le lucht na mbád iascaireachta. Ní raibh aird aige ar aon rud eile ach a dtagadh trálaer isteach sa chuan. Sa phictiúr tá criú an Atlantic Fisher á chomóradh abhaile aigeKevin Flannery, oifigeach mara agus saineolaí ar dhúlra na farraige. Ba é Kevin a chuir tuairisc faoi theacht Fungie chuig na húdaráis i 1983Pádraig Feirtéar, feighlí tigh solais agus scéalaí breá Gaeilge. Ba chomhluadar maith é Fungie ag Pádraig sa chuan ar feadh na mbliantaBrian Holmes agus Sheila Stokes as Sasana, an chéad bheirt a chuaigh ag snámh le FungieJohn O’Connor, ina sheasamh. Théadh John ag tumadóireacht leis an deilf i dtús na n-ochtóidí.Gan iPhones, gan idirlíon: glúin óg na n-ochtóidí ag caitheamh súil ar FungieThéadh daoine sa bhfarraige ó thrá Sláidín ag fanacht le Fungie. Luath nó mall thagadh sé!Tharraing an tóir ar Fungie daoine agus airgead go dtí an Daingean ar feadh breis is 30 bliainBádóirí Fungie – Martin agus Tom Flannery (nach gaoil iad). Carachtar ceart ab ea ‘Small Martin’ an bádóir ba mhó cáil a bhíodh ag tabhairt daoine amach go dtí Fungie. Duine lách uasal ab ea Tom, a bhí aitheanta mar bhádóir FungieMartin Flannery le Seán Ó Mainnín i 1988. Is le Seán, grianghrafadóir le Tuairisc.ie anois, taispeántas ‘Pobal Fungie’ ag Féile na BealtaineFungie ag cur fáilte roimh an mbádóir John Dylan agus a phaisinéiríPaddy Garvey, iascaire agus bádóir Fungie. Fear cliste, fiosrach, scéalach.Richie Riordan, bádóir FungieBhíodh pionta le fáil ó Mhuiris sa Réalt i ndiaidh an turais go dtí Fungie. Tá Muiris ar shlí na fírinne ó shin.Dave Donegan, bádóir Fungie. Paisinéirí aige nó uaidh théadh Dave amach go dtí Fungie.Bhí Peigí Manning i dTigh Flahive an-sásta le Fungie sa Daingean. “D’fheicinn tóithíní [muca mara] ar thóir bradán fearna sa chuan,” a deir sí. “Dá mbéarfadh na hiascairí air ba rud maith é don Daingean.”Iontas ar Fungie go bhfuil Seán Ó Mainnín ina chodladh. Dhúisigh Fungie é lena chuid séidte.Jimmy Óg Flannery sa lá inniu. Chaith Jimmy 34 bliain ag bádóireacht le Fungie. Nuair a d’imigh Fungie in 2020 bhunaigh Jimmy ‘Dingle Safaris’, gnó a bhfuil ag éirí go breá leis.Na deartháireacha Ryle ón Daingean lena Fungie beag féinPaul Britten as Gillingham, Sasana, duine de na céadta ón tír sin a bhí faoi dhraíocht ag Fungie agus a thagadh anall go minic. Fuair Paul bás tobann in aois a 53 tamall de bhlianta ó shinIs beag nár bhuail an deilf faoin mbád!An Moinsíneoir Pádraic Ó Fiannachta agus an t-ealaíontóir Maria Simmonds Gooding ag beannú na mbád agus Fungie in 2013. Bhí tionchar láidir ag Fungie ar ealaín MariaTá na seagaí seo idir dhá chomhairle faoin ruaille buaille a bhaineann le FungieSiobhán Daly ó Chathair Saidhbhín a bhíodh ag snámh le Fungie go minic sna 1980idí agus 1990idíFungie le Siobhán Daly. Ba é tuairim na mbádóirí gur le Siobhán a bhí an caidreamh ab fhearr ag FungieGarda onóra don LE EithneTom Curran, ina chulaith Dhomhnaigh agus é ar cuairt go dtí Fungie‘Setanta na Farraige’ ag tionlacan an LE Eithne