Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
byrne-ag-ple-le-ceisteanna-dli-faoi-chumhachtai-tithiochta-d’udaras-na-gaeltachta 

Byrne ag plé le ceisteanna dlí faoi chumhachtaí tithíochta d’Údarás na Gaeltachta 

| tuairisc | ,

Tá Aire Stát na Gaeltachta ag súil le heolas a fháil an mhí seo faoin dul chun cinn atá déanta ag Údarás na Gaeltachta maidir le tosú ar thithe a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Deir Thomas Byrne go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh tuilleadh cumhachtaí ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh cúrsaí tithíochta agus go bhfuil sé ag plé le ceisteanna dlí a bhaineann leis na cumhachtaí sin.

D’fhógair an tÚdarás an mhí seo caite go raibh sé i gceist acu scéim phíolótach a bhunú a chuirfeadh tithíocht inacmhainne ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar thalamh an Údaráis sa Rinn i bPort Láirge, ar an gCeathrú Rua i gConamara agus i nGaoth Dobhair i nDún na nGall.

Ach sa Dáil le déanaí cuireadh i leith na heagraíochta go rabhthas ag tarraingt na gcos i dtaobh an phlean faoina bhfuil taighde á dhéanamh ag an Údarás go fóill.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly gur údar “imní” di nach raibh an scéim tosaithe go fóill.

Tá cur síos ar an saghas comhairliúcháin agus taighde atá i gceist agus €250,000 i gceist. Is rud maith é go bhfuil taighde faoi chaibidil agus is rud maith é go bhfuil próiseas comhairliúcháin i gceist. Is é an rud a chuireann isteach orm ná go ndearnadh cinneadh sé mhí ó shin i bhfianaise na géarchéime atá ann sna Gaeltachtaí uilig ó thaobh cúrsaí tithíochta.

“Ag dul siar ar cheisteanna a chuir mé maidir leis An gCeathrú Rua, An Rinn agus Gaoth Dobhair, cuireadh in iúl dom go soiléir go raibh próiseas tosaithe ó thaobh léirithe spéise de maidir le heagraíochtaí ar an talamh.

“Cá bhfuil an próiseas sin faoi láthair? Cé mhéad aighneachtaí a tháinig isteach ó na heagraíochtaí éagsúla? Táimid ag tógáil céim chun tosaigh agus céim ar gcúl ag an am céanna agus is é sin an imní atá orm.”

Mar fhreagra ar Catherine Connolly, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne go raibh “pleananna curtha i bhfeidhm” ag an Údarás “maidir le haiseolas na ngeallsealbhóirí a bhailiú” agus go raibh “obair theicniúil” ar siúl.

Bhí sé ag súil le huasdátú faoin bplean an mhí seo, a dúirt sé.

Dúirt an tAire Stáit gur “ceist an-tábhachtach” a bhí ann don Ghaeltacht. Dúirt sé gur phléigh sé leis an Údarás conas a d’fhéadfaí leas a bhaint as reachtaíocht nua faoi chúrsaí pleanála chun tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don eagraíocht i dtaobh na tithíochta.

“Táim ag plé ceist na tithíochta sa Bhille sin agus ag plé leis an Roinn agus leis na dlíodóirí agus ag fiafraí díobh an bhfuil gá le sprioc a bheith ag Údarás na Gaeltachta maidir le tithíocht nó an bhfuil an sprioc sin i ndáiríre aige cheana féin sa dlí,” arsa Thomas Byrne.

“Tá an comhrá sin ar siúl faoi láthair ach níl aon dabht gurb é an tuairim atá agamsa ná go bhfuil ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta chun tithíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht do chainteoirí Gaeilge.”

Idir an dá linn, cháin polaiteoirí an fhreasúra an Rialtas as an moill fhada atá le foilsiú na dtreoirlínte pleanála nua don Ghaeltacht a gealladh ar dtús os cionn dhá bhliain ó shin.

“An bhfuil na dréacht-treoirlínte chomh dona sin nach bhfuil siad sásta iad a fhoilsiú ag an staid seo?” a d’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, den Aire Stáit.

“An bhfeicfidh muid choíche iad nó roimh theacht an tsamhraidh? Tá sé go dona go bhfuil daoine ag fanacht ar rud nach bhfeicfidh siad agus go bhfuil siad anois in ainm is a bheith ag dul amach le haghaidh comhairliúcháin.”

Dúirt Catherine Connolly gur mar a chéile é a bheith ag fanacht ar na treoirlínte Gaeltachta agus a bheith “ag súil le tríú rún Fatima”.

“Tá muid ag fanacht agus ag fanacht agus tá sé ag éirí i bhfad níos deacra dul taobh amuigh den Dáil agus éisteacht leis an rud atá á rá acu. Ceapann siad nach bhfuil aon rud á dhéanamh againn.”

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go raibh sé féin ag súil le foilsiú na dtreoirlínte agus mhaígh sé go léireodh a bhfoilsiú an obair mhór a bhí déanta orthu.

“Tá a fhios agam go bhfuil brú leis sin. Caithfidh na treoirlínte sin a bheith i gceart agus a bheith réidh,” arsa Byrne.

“Tá mé cinnte – tá mé ag rá leis an Dáil – go bhfuil an-obair á déanamh ag an Roinn Tithíochta maidir leis seo agus tá muid ag súil leis na treoirlínte. Nuair a fhoilseofar iad, is dócha go bhfeicfear an méid oibre atá déanta idir an dá Roinn. Tá an obair sin ag leanúint ar aghaidh. Go deimhin, tá gach duine ag súil le foilseachán na dtreoirlínte seo.”

Níos mó