Deir an craoltóir aitheanta Bláthnaid Ní Chofaigh go bhfuil amhras uirthi den chéad uair ina saol faoi fhiúntas an ghaeloideachais.
Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ní Chofaigh, nach mbíonn cuid mhór de dhaltaí na ngaelscoileanna agus na ngaelcholáistí ag labhairt Gaeilge “taobh amuigh de gheataí na scoile” agus go gcaithfear an cheist a chur dá réir an bhfuil ag éirí leis an ghaeloideachas.
Dúirt Ní Chofaigh, a chuireann an clár Bláthnaid Libh i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil gá le díospóireacht faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil ag éirí leis an ngaeloideachas “an Ghaeilge a chothú mar theanga labhartha”.
“Is cinnte go gcaithfidh muid an cheist a chur. Deir muid go bhfuil ag éirí leis na gaelcholáistí agus na gaelscoileanna. Tá líon na ndaltaí ag ardú, tá na huimhreacha go maith, ach mura bhfuil an tuiscint sin ag daltaí go bhfuil sé ‘normálta’ an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh de gheataí na scoile an bhféadfaí a rá go bhfuil ag éirí leo? Cén fáth go bhfuil an bhearna sin ann?” a dúirt sí.
Máthair ceathrar clainne í Ní Chofaigh, arb as Gaeltacht Ráth Chairn di ó dhúchas, agus tá a clann á tógáil aici le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Chuaigh beirt dá clann fríd an chóras ghaeloideachais cheana agus tá an bheirt eile ag freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge faoi láthair.
“Den chéad uair i mo shaol bhí mé ag rá liom féin an lá cheana, meas tú an bhfuil an ceart ag na daoine sin a mbíonn amhras orthu an ceart páistí a bhfuil Gaeilge acu sa bhaile a chur chuig scoileanna lán-Ghaeilge ar chor ar bith?
“Tá sé sin an-chonspóideach. Ach an mbíonn daltaí sna gaelscoileanna agus sna gaelcholáistí ag labhairt na Gaeilge nuair a fhágann siad geataí na scoile. Ní bhíonn. Cén fáth? Sin í an cheist, sin é an comhrá,” ar sí.
Dúirt Ní Chofaigh nárbh amhlaidh go raibh sí ag moladh do thuismitheoirí gan a gcuid páistí a chur chuig scoil lán-Ghaeilge.
“Ní bheadh sé sa mhianach agam sin a dhéanamh mé féin, ach tá mé ag cur na ceiste. Cén fáth nach mbíonn tionchar níos mó ag na gaelscoileanna agus na gaelcholáistí ar iompar teanga na bpáistí. Cén fáth a n-iompaíonn siad ar an mBéarla ag geataí na scoile?
“Céard a tharlaíonn ag geataí na scoile go léimeann siad ó ‘zón amháin’ go zón eile, zón nach labhraíonn siad Gaeilge ann? Seans nach dtiocfaidh siad ar ais go dtí an Ghaeilge ansin go dtí go mbíonn gasúir acu féin nó má bhíonn an t-ádh leo seans go mbeidh siad bainteach le cumann Gaelach ar an gcoláiste.
“Feictear dom, go bhfanann go leor gasúir ó ghaelcholáistí amach ó shaol na Gaeilge. Na daoine is mó a chastar ort i gClub an Chonartha oíche Déardaoin sa ngeimhreadh ná daoine óga a d’fhreastail ar Choláiste Lurgan agus atá bainteach leis na cumainn Ghaelacha. Ní gá gur fhreastail siad riamh ar Ghaelscoil nó ar Gaelcholáiste.”