Anois an t-am a gcearta a thabhairt do pháistí scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta
Dé Máirt, Meán Fómhair 10 2019 ag 6:05 am
Deirtear gurb é ár gcumas cumarsáide an tréith is suntasaí atá ag an gcine daonna, an tréith a scarann muid ó ainmhithe eile. Níl mé féin cinnte; tá go leor nach bhfuil ar eolas againn faoi cheol na n-éan ná damhsa na mbeach fós. Is go nádúrtha a thagann an teanga ó bhéal an duine. Tógann sé blianta an léamh a fhoghlaim, áfach, agus bíonn go leor teagaisc i gceist.
Bíonn tionchar ollmhór ag an teanga féin ar an méid ama agus ar an leibhéal deacrachta a bhaineann leis an léamh a fhoghlaim. Bíonn baint shuntasach ag an gcóras scríbhneoireachta atá ag teanga le cúrsaí agus is féidir le rialtacht na Gaeilge a bheith ina buntáiste do pháistí má mhúintear na fuaimeanna agus na rialacha litrithe dóibh.
Ach tá dúshláin ann chomh maith; níl an méid céanna taighde, acmhainní ná seirbhísí ar fáil sa Ghaeilge.
Cé go bhfuil ceist na ndíolúintí i mbéal an phobail faoi láthair, creidim go bhfuil ceist an chomhionannais níos suntasaí: má chuirtear oideachas ar fáil sa dá theanga náisiúnta, nár chóir na seirbhísí céanna a sholáthar sa dá theanga? Ní shin mar atá faoi láthair, agus is i gcomhthéacs na n-easpaí seo a mholtar go rialta do pháistí a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu bogadh ó scoil lán-Ghaeilge go scoil Bhéarla.
Cuireann an cleachtas seo ina luí ar pháistí nach féidir leo an léamh a fhoghlaim ina dteanga dhúchais féin nó i dteanga a gcuid oideachais, tuairim nach bhfuil bunús céille ná eolaíochta léi.
Ní fios cad a bhíonn i ndán do pháiste. Ní léir go fóill cén bóthar a leanfaidh siad nó cé na scileanna a bheidh ag teastáil uathu.
Castar daoine orm ó am go chéile, agus mé ag múineadh, atá ag filleadh ar an nGaeilge mar gheall nach raibh deis acu í a fhoghlaim ar scoil. Bíonn cuid acu ag iarraidh Gaeilge a labhairt lena bpáistí féin, cuid eile ag iarraidh dul i mbun múinteoireachta. Bíonn suim ar leith ag daoine eile i stair nó i litríocht na Gaeilge. Bíonn ionadh ar go leor acu gur féidir leo an teanga a fhoghlaim agus a léamh.
Ní mór cultúr a chothú ina dtugtar an deis do pháistí fanacht i scoileanna lán-Ghaeilge, fás agus bláthú iontu.
Tosaíonn sé seo leis na measúnuithe a dhéantar ar dhaltaí óga. Caithfear a aithint gur gá gur síceolaí oideachais a bhfuil Gaeilge aici nó aige, agus a thuigeann an dátheangachas, a dhéanann tástáil ar pháistí i scoileanna lán-Ghaeilge.
Ní hamhlaidh a bhíonn i gcónaí agus tarlaíonn sé dá bharr go bhfaigheann páistí Gaeltachta diagnóis atá go hiomlán míchruinn mar gheall ar an mbearna seo sa chóras.
Rud eile de, caithfear na huirlisí cearta a bheith ar fáil do shíceolaithe oideachais a bhfuil Gaeilge acu. Níl tástálacha de réir an noirm ar bith ann as Gaeilge chun freastal orthu siúd atá i scoileanna Gaeltachta nó i ngaelscoileanna. Fágann sé sin nach féidir le páistí a gcumas a léiriú i dteanga a gcuid oideachais, agus go bhfuil sé i bhfad níos deacra measúnú cruinn a chur ar fáil.
Tá tástálacha de réir an noirm ar fáil i mionteangacha eile, amhail an Bhreatnais, a bhfuil líon teoranta cainteoirí acu. Is léir go bhfuil sé indéanta ach infheistíocht airgid agus ama a dhéanamh. D’fhiosraigh an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann go hoifigiúil an bhféadfaí tástálacha Gaeilge a dhearadh, ach bheartaigh siad gan é a dhéanamh mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh leis.
Is éasca luach airgid a chur ar earraí. Is deacair luach airgid a chur ar rudaí teibí, cosúil le cearta teanga, cearta oideachais agus comhionannas. Ach aithnímid gan cheist go bhfuil tábhacht leis na nithe seo, na rudaí a threisíonn ár ndaonnacht agus a scarann ón ainmhí muid. Anois an t-am leis an mbealach a réiteach do chultúr nua bunaithe ar chearta teanga agus oideachais agus córas a thabhairt isteach a chuireann an tacaíocht chéanna ar fáil don Ghaeilge is a chuirtear ar fáil don Bhéarla.
– Tá Emily Barnes ag obair sa tSaotharalann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide