Tá Tuairisc.ie, an tseirbhís nuachta ar líne do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, cúig bliana ar an bhfód inniu.
Cothrom an lae seo, ar an 9 Deireadh Fómhair 2014, a seoladh Tuairisc.ie i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath.
Conradh ceithre bliana a bhronn Foras na Gaeilge ar Tuairisc.ie chun nuachtán seachtainiúil ar líne a chur ar fáil do phobal na teanga in Éirinn agus thar lear, agus cé gur tháinig deireadh leis an gconradh sin mí Iúil 2018 cuireadh dhá shíneadh ama leis ó shin fad is a bhí a bhfuil i ndán do na foilseacháin Ghaeilge ar líne á bhreithniú.
Beidh deireadh leis an síneadh ama is déanaí ag deireadh na bliana seo.
An mhí seo caite chinn Foras na Gaeilge síneadh ama eile a thairiscint do Tuairisc.ie go dtí deireadh 2020 toisc nach bhfuil an t-athbhreithniú ar na meáin curtha i gcrích go fóill.
Tá lucht bainistíochta Tuairisc.ie i mbun a marana faoin tairiscint sin faoi láthair.
Ó tháinig ann do Tuairisc.ie, thug breis is 1.1 milliún duine os cionn ceithre mhilliún cuairt ar an suíomh agus d’amharc na daoine sin ar 9.58 milliún alt.
Dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie Seán Tadhg Ó Gairbhí gur fianaise figiúirí léitheoireachta na seirbhíse gur éirigh le meitheal an tsuímh an phríomhsprioc a bhí acu a bhaint amach.
“Chuireamar romhainn suíomh nuálaíoch, spreagúil a sholáthar a chuirfeadh seirbhís nuachta den scoth ar fáil do phobal na teanga agus is léir gur éirigh linn dul i bhfeidhm ar dhaoine,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Gairbhí go raibh cur chuige “ana-shoiléir” ag Tuairisc.ie agus nach raibh aon amhras ar lucht an tsuímh faoi cérbh é a bpobal ná faoi phríomhdhualgas na seirbhíse.
Dúirt sé gur chabhraigh an cur chuige “neamhleithscéalach” sin le Tuairisc.ie áit a bhaint amach i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Iad siúd ar cainteoirí laethúla Gaeilge iad is túisce a dheineann Tuairisc.ie fónamh orthu. Scéal ár bpobail féin a insint inár dteanga féin an sprioc a bhí againn cúig bliana ó shin agus an sprioc atá againn inniu.
“An tuiscint a bhí againn ó thús ná gur ceist náisiúnta go fóill í ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta agus tá an tuiscint sin lárnach in obair an tsuímh,” a dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie.
Dúirt Ó Gairbhí gur ábhar mórtais freisin do lucht Tuairisc.ie caighdeán na Gaeilge a bhíonn ar an suíomh.
“Chuireamar béim ar leith chomh maith ó thús ar chruinnscríobh agus ar cheartúsáid na Gaeilge agus tá tábhacht ar leith ag baint leis an ngné sin den tseirbhís.
“Tá tobar na Gaeilge féin ag dul i ndísc ach ag an am céanna tá níos mó Gaeilge ná riamh á scríobh agus á foilsiú agus tá géarghá dá réir le foinsí iontaofa ó thaobh na teanga de,” a dúirt sé.
Dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie gur ábhar “díomá” é go bhfuil éiginnteacht mhór ann faoina bhfuil i ndán do Tuairisc.ie in ainneoin “an dul chun cinn” atá déanta ag an suíomh.
“Tá dua mór caite ag foireann bheag Tuairisc.ie agus ag saoririseoirí Tuairisc.ie le pobal mór léitheoirí dílse a mhealladh go dtí suíomh nua nach raibh a mhacasamhail ann roimhe sin ná anois.
“Is dea-scéal atá i Tuairisc.ie ach faraor tar éis cúig bliana is ag déanamh imní faoina bhfuil i ndán don tseirbhís atáimid seachas a bheith ag féachaint romhainn le teann dóchais.
“D’éirigh linn seirbhís laethúil ilchineálach ilmheáin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, seirbhís ar féidir le daoine brath uirthi agus muinín a bheith acu aisti. Tá sé in am anois an obair sin a aithint.
“Tá sé thar am anois cinneadh a dhéanamh agus plean cinnte a leagan amach don tseirbhís nuachta Gaeilge ar líne agus do na foilseacháin eile. Tá an méid sin tuillte ag léitheoirí Tuairisc.ie.
“Pé acu Tuairisc.ie nó dream éigin eile a bheidh i mbun na seirbhíse nuachta ar líne amach anseo, tá múnla anois ann ar chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil dó ar mhaithe le tógaint air sna blianta amach romhainn,” a dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie.