I músaem Chathair na Gaillimhe inniu d’fhógair Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta go hoifigiúil go raibh músaem nua á fhorbairt sa chathair.
Músaem an Atlantaigh a thabharfar ar an músaem idirghníomhach nua i dTeach Comerford le hais an mhúsaeim atá ar bhruach na Coiribe i nGaillimh faoi láthair.
Tá €6.64 milliún á infheistiú ag Fáilte Éireann sa mhúsaem nua ag an bPóirse Caoch ar an gCladach agus cosnóidh an obair ar fad breis is €10 milliún.
“Cuirfidh Músaem an Atlantaigh i nGaillimh go mór leis an háiseanna i nGaillimh agus ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin,” a dúirt a tAire Stáit Seán Kyne agus an músaem nua á sheoladh aige.
“Tá tionscnaimh dá leithéid ar fud na tíre riachtanach chun forbairt réigiúnach a chur chun cinn agus chun cáil na hÉireann mar ionad turasóireachta a threisiú.”
Beidh stair na dteaghlach gnó mór le rá a thug an t-ainm Cathair na dTreabh don chathair á léiriú sa mhúsaem trí mheán na nua-theicneolaíocht is déanaí chomh maith le stair cheantar an Chladaigh agus scéal Armáid na Spáinne.
Tá sé i gceist láthair amhairc a bheith ag an bPóirse Caoch mar a mbeidh radharc breá ag turasóirí ar chuan na Gaillimhe agus ar abhainn na Coiribe.
Thug breis is 3.7 milliún cuairteoir ó thíortha i gcéin cuairt ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin go dtí seo i mbliana chomh maith le breis is 4.7m cuairteoir as an tír seo.