Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.
Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat.
Inis id fhocail féin cad é bunús na míre seo?
Cén fáth a luaitear an figiúr 51?
Cad iad na cúraimí a bhíodh orthu siúd a bhí lonnaithe sna Túir Faire?
Cén fáth ar bunaíodh an tSeirbhís Mara agus Cósta?
Luaigh rud amháin a bhí le rá ag Mary Kate Ní Chualáin.
Cad a bheidh ag tarlú i dTír an Fhia tráthnóna?
An bhfuil tú in ann na logainmneacha ar fad a luadh sa phíosa a scríobh síos? Bain úsáid as logainm.ie le cabhrú leat.
Téigh chun cainte le duine sa phobal agus faigh cuntas uathu faoi láthair áitiúil a bhfuil stair shuimiúil ag baint léi.