Bhí Darach Ó Scolaí agus Ré Ó Laighléis i measc na mbuaiteoirí ag gradaim litríochta an Oireachtais in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath tráthnóna.
36 duais ar fad a bronnadh ar scríbhneoirí Gaeilge ag ócáid an lae inniu ag féile Oireachtas na Gaeilge.
€3,000 a bhuaigh Darach Ó Scolaí dá úrscéal Dominium agus €3,000 a bhuaigh Ré Ó Laighléis dá shaothar próis Máchail.
Tá liosta iomlán bhuaiteoirí na bliana seo ar fáil thíos.
Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne a bhronn na gradaim litríochta ar bhuaiteoirí an 22 comórtas a bhí i mbliana ann.
“Tuigtear dom go bhfuil na comórtais seo ar an bhfód ó 1897 agus go raibh cuid de mhórscríbhneoirí na tíre seo i measc na mbuaiteoirí ó shin.
“Léiríonn líon na n-iomaitheoirí agus réimse na gcomórtas – idir ghearrscéalta, phrós, dhrámaí, fhilíocht agus eile – beocht agus saibhreas na scríbhneoireachta Gaeilge sa lá atá inniu ann,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne.
Roimh an mbronnadh tráthnóna, sheol an tAire Stáit go hoifigiúil Oireachtas na Samhna 2019, a bheidh ar siúl go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn.
Sheol an tAire Stáit chomh maith próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le straitéis a chur i dtoll a chéile do na healaíona Gaeilge.
Straitéis í seo a bheidh le foilsiú an bhliain seo chugainn agus atá á forbairt ag an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar leis an gclár Éire Ildánach, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Ealaín na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus TG4.
Dúirt Stiúrthóir Náisiúnta an Oireachtais Liam Ó Maolaodha go mbeidh “clár cuimsitheach imeachtaí” ag féile na bliana seo.
Is in Óstán an Citywest chomh maith a bheidh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 á mbronnadh tráthnóna.
COMÓRTAS A1: ÚRSCÉAL – FICSEAN GINEARÁLTA
An Chéad Duais: €3,000
Dominium Darach Ó Scólaí, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
An Dara Duais: €1,000
Fatwa! Proinsias Mac a’ Bhaird, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
COMÓRTAS A2: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12)
An Chéad Duais: €2,000
Grúgarú agus na Síonnaigh Liatha Ciarán Ó Maitiú, An Uaimh, Co. na Mí
An Dara Duais: €750
Dragún na Cuaiche Pádraig Standún, Carna, Co. na Gaillimhe
COMÓRTAS A3: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (13-15)
An Dara Duais: €750
An Rún Brian Ó Baoill, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
COMÓRTAS A4: SAOTHAR PRÓIS
Maoinithe ag Iontaobhas ULTACH
Duais: €1,250
Ainm na Saoirse Aindrias Ó Cathasaigh, Baile Formaid, Baile Átha Cliath 10
BUAIC-SAOTHAR PRÓIS NA BLIANA
Urraithe ag TG4
Duais: €3,000
Máchail Ré Ó Laighléis, Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir
COMÓRTAS A5: ÁBHAR LÉITHEOIREACHTA DON FHOGHLAIMEOIR FÁSTA
An Chéad Duais: €2,000
Níor bronnadh aon duais
An Dara Duais: €750
Mise do Mhamó Majella Ní Dhomhnaill, Baile an Bhóthair, Co. Átha Cliath
COMÓRTAS A7: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH
Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta
An Chéad Duais: €400
Aonaráin Joe Steve Ó Neachtain, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
An Dara Duais: €200
An Cloigeann Catach Alan Titley, Glasnaíon, Baile Átha Cliath 11
COMÓRTAS A8: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ
Maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael
Duais: €500
Ní Mar a Scrítear a Bhítear Alan Titley, Glasnaíon, Baile Átha Cliath 11
COMÓRTAS A9: Dán
Maoinithe ag Éigse Éireann
An Chéad Duais: €400
A deir an Mactíre le Medb Áine Ní Éalaí, Trá Lí, Co. Chiarraí
COMÓRTAS A10: CNUASACH FILÍOCHTA
Maoinithe ag Coistí Gairmoideachais na Mumhan agus na Gaeltachta
(Seirbhísí Oideachais Chiarraí agus Contaetha Chorcaí, an Chláir, Luimnigh, Phort Láirge, Thiobraid Árann Thuaidh agus Theas, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Dhún na nGall; agus Chathracha Chorcaí, Phort Láirge, Luimnigh agus na Gaillimhe.)
Duais: €1,250
Obair Bhaile Louis de Paor, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe
COMÓRTAS A11: AISTE INNEALTÓIREACHTA
Maoinithe ag Cumann na nInnealtóirí
An Chéad Duais: €1,000
Scéal Dhá Dhroichead Helen Ó Murchú, Cill Fhiontain, Baile Átha Cliath 13
COMÓRTAS A12: DRÁMA AONGHNÍMH
Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta
Towissakos Gabriel Rosenstock, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath
Duais: €600
COMÓRTAS A13: COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC
Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus ag an gCumann Scoildrámaíochta
ROINN A
An Chéad Duais: €400
Leite, Leite, Leite Áine Treasa Ní Dheirg, Athbuí, Co. na Mí
ROINN B
An Chéad Duais: €400
Ní Tharlaíonn Tada Anseo Riamh Áine Ní Ghlinn, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14
ROINN C
An Chéad Duais: €400
C.E.A.R.T.A. Bróna Ní Uallacháin, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
COMÓRTAS A14: SAOTHAR CREIDIMH
Maoinithe ag Timire – Foilseacháin Ábhair Spioradálta
Duais: €750
An Dhammapada: Nathanna an Bhúda Scott Oser, Vancouver, Ceanada
COMÓRTAS B1: AISTE – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Cumann Lúthchleas Gael
An Chéad Duais: €300
Tábhacht na gCluichí Gaelacha don Náisiún Liam Ó hÓgáin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí
An Dara Duais: €200
Spiorad, Croí, Caid, Teanga Sibéal Ní Ógáin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí
COMÓRTAS B2: AISTE – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Cumann Lúthchleas Gael
An Chéad Duais: €300
Aibhistín de Staic: Réabhlóidí, Polaiteoir is Peileadóir Seán de Grá, An Chéim, Co. Baile Átha Cliath
An Dara Duais: €200
Comórtas Peile na Gaeltachta 1969 – 2019 Conor Ó Gallachóir, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co.Dhún na nGall
COMÓRTAS B3: IRISEOIREACHT – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag Comhar Óg
An Chéad Duais: €200
Sábháilteacht Uisce in Éirinn Liam Ó hÓgáin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí
An Dara Duais: €100
Grá mo chroí, mo Dhaideo Éadaoin Nic Dhonncha, Coláiste Chroí Mhuire,
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
COMÓRTAS B4: IRISEOIREACHT – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Bord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
An Chéad Duais: €200
Mí le Magnus Eoin Breathnach, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 16
An Dara Duais: €100
Séamus Ó Grianna – A Shaol agus a Shaothar (1889-1969) Conor Ó Gallachóir, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co.Dhún na nGall
COMÓRTAS B5: SCÉAL – ROINN A (FAOI 16)
Maoinithe ag cara leis an Oireachtas.
An Chéad Duais: €200
Sa Tóir ar Star Wars Fionnán Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath 5
An Dara Duais: €100
An Maidrín Órga Katie Durney, An Uaimh, Co. na Mí
COMÓRTAS B6: SCÉAL – ROINN B (FAOI 21)
An Chéad Duais: €200
Contúirt na gCuarach Éadaoin Ní Dhomhnaill, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe
An Dara Duais: €100
Le Sruth Seirce Mhac Conghail, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath
COMÓRTAS B7: DÁN – ROINN A (FAOI 16)
An Chéad Duais: €200
Dáimh Pádraig Ó Dubhgáin, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
An Dara Duais: €100
I ndiadh na Stoirme Katie Durney, An Uaimh, Co. na Mí
COMÓRTAS B8: DÁN – ROINN B (FAOI 21)
Maoinithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
An Chéad Duais: €300
Ar ar bhain do na leabhair Darragh Ó Caoimh, Ceann Toirc, Co. Chorcaí
An Dara Duais: €200
An Doras Seán de Grá, An Chéim, Co. Baile Átha Cliath