Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh céim dochtúra oinigh inniu ar an chraoltóir aitheanta Breandán Feiritéar, iarCheannaire ar Raidió na Gaeltachta, ag searmanas san ollscoil inniu.
Rugadh Breandán Feiritéar i nDún Chaoin agus is céimí de chuid OÉ Gaillimh é. Bhí sé ar an gcéad bhuíon de chraoltóirí a cheap RTÉ chun Raidió na Gaeltachta a bhunú in 1972.
Is craoltóir raidió agus iarCheannaire Raidió na Gaeltachta é. Chomh maith leis sin, is léiritheoir teilifíse, scannán agus raidió é do RTÉ agus TG4. Scríobh, léirigh agus stiúir sé gné-ailt agus cláir faisnéise ar Pheig Sayers agus na Blascaodaí, Inis Meáin, an gníomhaí teanga agus scoláire, Breandán Ó Buachalla, an file agus béaloideasóir, Tomás Ó Dalaigh as Ciarraí agus scéal eisimirceach na hÉireann go Minnesota agus Montana.
Léiríonn a chláir raidió scéalta na ndaoine agus a bpobail agus scéal na n-imirceach a chaith iad a thréigean. Is léaspairt iad a chláir faisnéise físe ar shaol go mbeadh a chuimhne i léig murach iad.