![](/wp-content/themes/yootheme/cache/78/three2_1000_WhatsApp_Image_2019-11-20_at_15.11.32-2-78109177.jpeg)
Léirsiú poiblí ag Cumann Gaelach Choláiste Mhig Aoidh ar son comharthaí dátheangacha
D’eagraigh Cumann Gaelach Choláiste Mhig Aoidh i nDoire léirsiú taobh amuigh den ollscoil Dé Céadaoin.
Is ag impí ar údaráis Ollscoil Uladh a bhí siad chun polasaí comharthaíochta dátheangaí Aontas na Mac Léinn a chur i bhfeidhm.
Bliain ar aghaidh ó aontaíodh an polasaí do chomharthaí dátheangacha ar champas Mhig Aoidh, níl an polasaí sin curtha i bhfeidhm go fóill.
Deirtear go bhfuil tús curtha le próiseas comhairliúcháin ach theastaigh ón Chumann Gaelach tacaíocht an phobail do chomharthaí dátheangacha a chur faoi bhráid údaráis na hollscoile le léirsiú poiblí.
Bhí Meon Eile i láthair agus bhuail muid le cuid den slua a bhí páirteach…