![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-comortas-san-ae-d’aistritheoiri-oga](/wp-content/themes/yootheme/cache/7e/comortas-san-ae-daistritheoiri-oga-7e888dc4.jpeg)
Comórtas san AE d’aistritheoirí óga
Táthar ag glacadh le hiarratais arís don chomórtas do dhaltaí meánscoile a bhfuil spéis acu i gceird an aistriúcháin san Aontas Eorpach. Beidh deis ag déagóirí na tíre triail a bhaint as an aistriúchán agus “blaiseadh a fháil de na dúshláin a bhíonn roimh aistritheoirí gairmiúla in institiúidí an Aontais Eorpaigh”.
‘Aistritheoirí Óga’ is ainm don chomórtas atá á eagrú den tríú bliain ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhar leis an Rinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do mheánscoileanna ar fud na hÉireann. Beidh cead ag daltaí sinsearacha meánscoile (a rugadh roimh 1 Meán Fómhair 2004) cur isteach ar an gcomórtas.
Glacfar le hiarratais ó dhaltaí atá in ann téacsanna atá i mBéarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Polainnis, nó Spáinnis a chur i nGaeilge. Beidh uair an chloig ag iarrthóirí an téacs a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus uair go leith acu téacs ó theanga eile a chur i nGaeilge, má roghnaítear teanga eile.
Is é “Ag Gníomhú ar son na hAeráide” a téama a bheidh faoi chaibidil sna téacsanna uilig do chomórtas na bliana seo chugainn.
Is comórtas dian a bheidh ann, agus gan cead ag na hiarrthóirí a bheith ag obair i ngrúpaí ná uirlisí leictreonacha aistriúcháin a úsáid. Tá cosc freisin, ar ndóigh, ar chúnamh múinteora.
Is iad aistritheoirí gairmiúla an Choimisiúin Eorpaigh a dhéanfaidh measúnú ar na hiarratais agus a roghnóidh na buaiteoirí.
Bronnfar táibléad Samsung ar gach buaiteoir agus bronnfar buanchorn ar an phríomhbhuaiteoir an chomórtais ag searmanas speisialta a reáchtálfar in Áras an Choimisiúin Eorpaigh i mBaile Átha Cliath mí Mhárta na bliana seo chugainn.
Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas ar fáil anseo.