![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-iomlan-na-dticead-do-‘arracht’-i-mbaile-atha-cliath-diolta](/wp-content/themes/yootheme/cache/1b/iomlan-na-dticead-do-arracht-i-mbaile-atha-cliath-diolta-1b22d706.jpeg)
Iomlán na dticéad do ‘Arracht’ i mBaile Átha Cliath díolta
Tá iomlán na dticéad don chéad taispeántas den scannán mór Gaeilge Arracht díolta anois. Beidh an scannán á thaispeáint i bpictiúrlann an Lighthouse i Margadh na Feirme Dé hAoine ag 18.15 agus sceitimíní ar phobal na Gaeilge é a fheiceáil.
Is iad Dónall Ó Héalaí, Dara Devaney agus Saise Ní Chuinn príomhaisteoirí an scannáin atá lonnaithe in iarthar na hÉireann aimsir an Ghorta Mhóir. Ríomhtar ann scéal iascaire agus saighdiúra atá ar a ndícheall a mbaile beag a shábháil ó uafás an Ghorta.
Tá líon teoranta ticéad ar fáil do thaispeántas eile a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 2 Márta i nDún Laoghaire. Beidh Arracht le feiceáil i bpictiúrlann an Pavilion sa bhaile sin Dé Luain seo chugainn. Beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na tíre ón 3 Márta ar aghaidh, agus beidh taispeántais speisialta ar siúl i bpictiúrlanna áirithe.
Dé Luain, beidh an chéad taispeántas den scannán sa Bhreatain ar siúl ag Féile Scannán Ghlaschú in Albain.