Tá 1,805 cás de Covid-18 deimhnithe anois in Éirinn agus triúr eile leis an víreas básaithe sa Tuaisceart.
32 cás nua a deimhníodh ó thuaidh inniu. Naonúr déag atá básaithe in Éirinn, naonúr ó dheas agus deichniúr ó thuaidh.
1,564 cás den víreas atá deimhnithe ó dheas den teorainn agus 241 cás atá deimhnithe ó thuaidh.
Cuireadh tástáil don ghalar ar 3,716 duine sa Tuaisceart go dtí seo.
Idir an dá linn, tá rabhadh tugtha ag an Taoiseach gur in olcas a rachaidh cúrsaí sula dtiocfaidh aon fheabhas ar an ngéarchéim Covid-19.
Thug an Taoiseach an rabhadh sin sa Dáil tráth ar tuairiscíodh go raibh grúpa státseibhísigh ag obair ar phlean marbhlanna sealadacha a bhunú chun dul i ngleic le líon na ndaoine a mheastar a bhfaighidh bás de thoradh an ghalair.
Ag labhairt di le RTÉ, dúirt Liz Canavan, rúnaí cúnta don pholasaí sóisialta i Roinn an Taoisigh gur gné “leochaileach” a bhí sa phlean don ullmhúachán don bhorradh atá á thuar ar líon na gcásanna Covid-19 in Éirinn.
Dúirt an Taoiseach sa Dáil inniu go raibh “an saol níos simplí” aimsir ghéarchéim an Bhreatimeachta ná mar atá le linn na géarchéime seo sa tsláinte phoiblí.
Ach dúirt sé leis gur buntáiste anois na hullmhúcháin a bhí déanta don Bhreatimeacht gan mhargadh.
Ní gá a dúirt sé i gcás pleananna go leor ach “an focal Breatimeacht a scriosadh agus coróinvíreas a scríobh ina áit”.
Bhí an Taoiseach ag labhairt sa Dáil mar a bhfuil tuilleadh reachtaíochta éigeandála á deifriú tríd chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sa tsláinte phoiblí agus leis an tionchar a bheidh aici ar chúrsaí eacnamaíochta.
Má leanann na bearta dúnta is dianghlasála ar aghaidh ar feadh 12 seachtain agus má thagann an eacnamaíocht chuici féin arís ina dhiaidh sin, measann an ESRI go laghdóidh an geilleagar 7.1% in 2020.
An bhliain seo caite, bhí fás 5.5% ar an eacnamaíocht sa tír seo.
Measann an ESRI go gcaillfidh suas le 350,000 duine a gcuid post, agus is ionann sin agus an séú cuid den lucht saothair.
Cuirfear stop anocht sa Dáil le plé an ‘Emergency Measures in the Public Interest Bill’ chun deis a thabhairt do Theachtaí Dála bualadh bos a thabhairt d’oibrithe sláinte.
Níos túisce inniu sa Dáil dúirt roinnt Teachtaí Dála go raibh a thuilleadh áiseanna agus trealaimh chosantach ag teastáil ar bhonn práinne ó na hoibrithe sláinte céanna.
Thug an Taoiseach le fios chomh maith nach gcuirfear ar ceal ar fad i ndiaidh na géarchéime an reo táillí trí mhí do chrècheanna.
Cé gur beartais shealadacha a bheidh i mbeartais áirithe atá tugtha isteach ar feadh trí mhí, ní gá gur amhlaidh a bheidh i gcás na mbeartas san earnáil cúram leanaí, arsa an Taoiseach.
Faoi na beartais sin, íocfar a bpá iomlán le oibrithe cúram leanaí agus ní bheidh ar thuismitheoirí táillí a íoc ar feadh trí mhí chun áit a leanaí a choimeád sa crèche.