Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairiscie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-amhras-faoi-fhoilsiu-an-leagain-chloite-de-focloir.ie-agus-raic-faoi-cheisteanna-inscne-agus-eile

Amhras faoi fhoilsiú an leagain chlóite de foclóir.ie agus raic faoi cheisteanna inscne agus eile

| Tuairisc.ie |

Tá amhras mór faoi fhoilsiú an leagain chlóite de foclóir.ie agus líomhaintí déanta go bhfuil an dréacht den fhoclóir nua claonta ó thaobh inscne.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil ordú tugtha ag Foras na Gaeilge do lucht an fhoclóra tosú as an nua ar an togra agus profáil inscne a dhéanamh ar an saothar an babhta seo. 

Tuigtear gur choiste speisialta ardleibhéil de chuid Fhoras na Gaeilge a rinne gearán faoin “neamart seo” i bhfoclóir an Mhianánaigh, mar a thugtar go coitianta air in ómós d’eagarthóir an tsaothair Pádraig Ó Mianáin.

I gcáipéis, a bhfuil cóip di faighte ag Tuairisc.ie, deir coiste an Fhorais go léirítear “claontacht chórasach in aghaidh na bhfear” sa saothar léannta ardghradaim atá á mhaoiniú ag an dá rialtas sa tír seo.

San aighneacht, atá le cur ag an gcoiste faoi bhráid cruinniú físchomhdhála de Bhord Fhoras na Gaeilge Dé hAoine, éilítear go ndéanfaí “athbhreithniú cuimsitheach” freisin ar an gcóimheas fear is ban ar fhoireann an fhoclóra.

Maítear sa cháipéis gur léir go raibh dearcadh frithfhireannach go smior sa lucht eagarthóireachta agus go gcaithfí a lorg sin a ghlanadh sula bhfoilseofaí an leabhar.

Thug an coiste go leor samplaí den ábhar a bhí, dar leo, “frithfhireann” nó “claonta in aghaidh na bhfear”.

Ar na samplaí a luaigh siad leis an gclaontacht sin, bhí: 

  • he loves hearing a bit of scandal and tittle-tattle, is breá leis beagán scannail agus cúlchainte a chluinstin
  • he was raging bhí sé ar buile, bhí sé le ceangal, bhí sé ar an daoraí
  • he started raging at us thosaigh sé ag cur thairis linn, spréach sé linn, thug sé aghaidh a chraois orainn he became furiously angry tháinig cuthach feirge air, chuaigh sé ar mire glan, d’éirigh confadh buile ann
  • and like all fools, he’s impatient, agus ar nós gach amadán, is beag foighne atá aige
  • he’s a racist, consciously or not, is ciníoch é, bíodh a fhios sin aige nó ná bíodh
  • he’s an impossibly arrogant man, níl an dara duine ar domhan chomh sotalach leis, ní sotal go dtí é
  • what a nasty little bully he is! níl ann ach maistín beag gránna!
  • he spends his nights drinking and whoring, caitheann sé a chuid oícheanta ag ól agus ag plé le striapacha
  • that Rob fella is nothing but an evil little gobshite, níl i mo dhuine Rob ach suarachán beag urchóideach. 

Bhí an foclóir nua le seoladh a thúisce is a bheadh an ráig Covid-19 scuabtha chun siúil.

Agus an scoitheadh sóisialta i réim faoi láthair, beidh cruinniú físchomhdhála Dé hAoine seo chugainn ag Bord Fhoras na Gaeilge chun cúrsaí inscne Fhoclóir an Mhianánaigh agus ceisteanna eile a bhaineann leis a phlé.

De réir na cáipéise, tá roinnt cruinnithe éigeandála eile ann le tamall agus táthar ag iarraidh dhá chnámh spairne chonspóideach eile a réiteach – “dúchas is dlisteanacht an tséimhithe ar ainmfhocail iolra sa tuiseal ginideach, mar shampla ‘scoil bhuachaillí’” agus ceist íogair an ghinidigh cháilithe, nó ceist ‘hata fear mór’ mar a thugann na saineolaithe uirthi.

Táthar ag fanacht le tuarascáil na saineolaithe faoi na cásanna sin go fóill, ach ar nós go leor cúrsaí tábhachtacha eile i saol na hÉireann, tá an aicíd sláinte ag cur as go mór do léann na tíre.

Idir an dá linn, tá teacht ag an bpobal ar an bhfoclóir Béarla-Gaeilge ag www.focloir.ie.

Níos mó