Oíche airneáin ar fáil anocht ach ‘zúmáil’ ar an nGaeltacht
Tá Oifigigh Pleanála Teanga ag cur leis an ábhar siamsaíochta ar líne atá ar fáil do mhuintir na Gaeltachta aimsir an choróinvíris.
Cuirfear tús le hOíche Airneáin anocht, ag a 9pm, ina mbeidh ceoltóirí, amhránaithe agus scéalaithe ó cheantair Ghaeltachta éagsúla á dtabhairt le chéile ar an ardán Zoom don lucht féachana sa bhaile.
Beidh tús á chur leis an chéad cheardlann scríbhneoireachta leis an scríbhneoir Dairena Ní Chinnéide Dé Máirt 21 Aibreán ag 10am.
Sraith sé seachtaine atá i gceist leis an ‘Zúmlann Scríbhneoireachta’ agus deis ag rannpháirtithe tabhairt faoi dhánta, gearrscéalta nó ficsean faoi stiúir Dhairena Uí Chinnéide.
Reáchtálfar sraith eile do mhuintir na Gaeltachta a bhfuil suim acu i gcúrsaí faisin. Sraith trí chuid atá sa ‘Zúmlann Faisin’ a gcuirfear tús leis Déardaoin 30 Aibreán ag 10am. Is í Aisling Ní Chormaic ó Gaeilge le Glam a bheas i mbun an chéad eagráin sa tsraith sin agus beidh Ándrea Tighe, a ceapadh mar Oifigeach Pleanála Teanga i Maigh Cuilinn i mbliana, i mbun cainte faoina cuid oibre mar dhearthóir faisin sa tsraith chéanna.
Dúirt Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua gur “deis iontach” atá ann a leithéid d’ábhar a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.
‘Is deis iontach í seo gníomhaíochtaí tarraingteacha a chur ar siúl do mhuintir na Gaeltachta agus caidreamh a chothú idir daoine sna ceantair éagsúla Gaeltachta thart timpeall na tíre.
“Múineann gá seift agus mar gheall nach bhfuil muid in ann a theacht le chéile i ngrúpaí taobh amuigh den teaghlach, tiocfaimid le céile go fíorúil, beidh caint, craic agus comhluadar againn agus foghlaimeoidh muid óna céile,” a dúirt sí.
Is gá ríomhphost a sheoladh le clárú don tsraith imeachtaí atá reáchtáil ag Oifigigh Pleanála Teanga i gcomhpháirt le hÚdarás na Gaeltachta.
“Tá Údarás na Gaeltachta ag tacú linn na gníomhaíochtaí seo a reáchtáil agus tá muid buíoch go n-aithníonn siad go gcaithfear tabhairt faoi phleanáil teanga ar bhealach cruthaitheach, nuálach faoi láthair,” a dúirt Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua.
- Iarrtar ar dhaoine ar mian le a bheith páirteach san Oíche Airneáin, Dé hAoine, an 16 Aibreán ag 9pm, ríomhphost a chur chuig mpt.iarthuaiscirt@gmail.com
- Más spéis leat clárú don ‘Zúmlann Scríbhneoireachta’ le Dairena Ní Chinnéide Dé Máirt 21 Aibreán ag 10am, gabh i dteagmháil le pobalrua@gmail.com
- Is féidir áit a chur in áirithe don Zúmlann Faisin, trí ríomhphost a chur chuig gaeilgemhaighcuilinn@gmail.com
[/live]
Dé hAoine – Dé Domhnaigh Aibreán 10-13