Údar “díomá” é nach bhfuil an Ghaeilge ná an Ghaeltacht luaite sna 17 ceist atá curtha ag an gComhaontais Glas ar Fhianna Fáil agus Fine Gael faoina gcomhpholasaí i dtaca le bunú rialtais
Dúirt Ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Éamon Ryan, go gcaithfí soiléiriú a fháil ar 17 d’ábhair atá luaite i gcáipéis Fhianna Fáil agus Fhine Gael sula rachaidís i mbun cainteanna leo.
Nuair a foilsíodh comhpholasaí Fhianna Fáil agus Fhine Gael bhí díomá mór ar pholaiteoirí agus ar eagraíochtaí Gaeilge faoina laghad a bhí ráite ann faoin Ghaeilge agus faoina scéala nach raibh aon tagairt ann ar chor ar bith don Ghaeltacht.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur údar “díomá” é nár thapaigh an Comhaontas Glas an deis soiléiriú a fháil maidir leis an dá thagairt “fhánacha” don Ghaeilge i gcomhpholasaí Fhianna Fáil agus Fhine Gael.
“Is cúis díomá é nár lorgaíodh soiléiriú faoi céard a bhí i gceist leis an dá thagairt fhánacha faoin Ghaeilge, nach bhfuil aon tsubstaint ag baint leo, agus nár lorg siad soiléiriú maidir leis an gcúis nár luadh an Ghaeltacht ar chor ar bith sa cháipéis,” a dúirt Julian de Spáinn.
I measc na n-ábhar a bhfuil soiléiriú iarrtha ag an Chomhaontas Glas orthu, tá spriocanna astaíochta, cúrsaí fuinnimh, cúrsaí tithíochta, folláine, cearta sóisialta, bithéagsúlacht agus meastacháin eacnamaíochta.
Dúirt urlabhraí Gaeilge an Chomhaontais Glais, an Comhairleoir Contae Peter Kavanagh, le Tuairisc.ie go raibh soiléiriú á lorg ar cheisteanna atá “ag freagairt do na pointí i gcomhpholasaí Fhianna Fáil agus Fhine Gael”.
“Tá sé mar aidhm againn sa cháipéis a chuireamar chucu bunlíne a chruthú ónar féidir leis na trí pháirtí tosú ar chainteanna. Ní línte dearga iad na ceisteanna seo, agus dar ndóigh ní hionann iad agus gach a bhfuil tábhachtach don Chomhaontas Glas.
“Tá an-chuid ar lár sa cháipéis [comhpholasaí Fhianna Fáil agus Fhine Gael], ina measc cúram leanaí, cearta tionóntaí, tacaíocht do na healaíona agus, dar ndóigh, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht… Fanfaimid anois ar fhreagra ó Fhianna Fáil agus Fine Gael agus as sin déanfar cinneadh dul i mbun cainteanna leo nó a mhalairt.”
Dúirt Kavanagh go mbeadh “clár toghcháin” an Chomhaontais Ghlais mar “chrann taca” acu má théann siad i mbun idirbheartaíochta leis an dá pháirtí móra faoi bhunú rialtais nua.
“Tá an Comhaontas Glas fós 100% tiomanta an Ghaeilge a chur chun cinn, tacú le Gaeltachtaí, agus tús áite a thabhairt don acmhainn thábhachtach náisiúnta seo,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.
Tá ráite ag an Chomhaontas Glas cheana gur “polasaí seasmhach” acu é go mbeadh aire sinsearach ag plé le cúrsaí Gaeltachta. Thacaigh an páirtí le ceithre éileamh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge; aire sinsearach don Ghaeltacht, breis infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, polasaí náisiúnta don Ghaeilge sa chóras oideachais agus bille teanga níos láidre ná an ceann a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.
Deich mbunsprioc, nó croímhisean mar a thugtar orthu, ar fad atá luaite i gcáipéis chompholasaí 24 leathanach Fhianna Fáil agus Fhine Gael.
Tá an chéad tagairt don Ghaeilge luaite mar chuid de ‘Mission: A Better Quality of Life for All’.
Gealltar anseo go n-aithneofar “the role of the arts, culture and the Irish language in our personal and community wellbeing”.
Tá an dara tagairt do chéad teanga oifigiúil na tíre luaite sa mhír ‘Mission: Supporting Young Ireland”.
Maítear ansin go dtabharfar an deis do gach páiste “to develop their creativity, appreciate the Irish language, and learn history”.
Tá cur chuige an dá pháirtí i leith chás na Gaeilge agus na Gaeltachta cáinte go láidir ag Sinn Féin agus ag Conradh na Gaeilge.