D’fhógair an Taoiseach tráthnóna go bhfuil síneadh ama coicíse le cur leis na srianta dianghlasála agus leag sé amach plean an rialtais chun na srianta sin a scaoileadh diaidh ar ndiaidh ón 18 Bealtaine.
Cúig thréimhse díchuibhrithe atá luaite i straitéis éalaithe an rialtais agus mairfidh gach tréimhse trí seachtaine. Tosóidh an tréimhse dheireanach ar an 5 Lúnasa.
Cuirfear tús leis an Stát “a athoscailt” ar an 18 Bealtaine, a dúirt an Taoiseach, nuair a thabharfar cead d’oibrithe a bhíonn ag obair taobh amuigh dul i mbun gnó arís. Osclófar an lá sin chomh maith siopaí DIY agus beidh cead spóirt gan teagmháil áirithe a imirt taobh amuigh.
Dheimhnigh an Taoiseach chomh maith go bhfuil na treoracha maidir le daoine ós cionn 70 bliain d’aois le leasú ó Dé Máirt seo chugainn le go mbeidh cead acu an baile a fhágáil chun paiste aclaíochta a dhéanamh.
D’fhógair sé leis go bhfuil an cosc imeacht níos faide ná dhá chiliméadar ó bhaile le hathrú chomh maith Dé Máirt seo chugainn agus go mbeidh cead ag duine dul cúig chiliméadar ó bhaile ar mhaithe le haclaíocht a dhéanamh ón lá sin amach.
Dúirt sé go raibh beatha na mílte sábháilte de thoradh “íobairtí” mhuintir na hÉireann ach “go gcaillfí gach rud atá bainte amach” dá scaoilfí anois na srianta.
“Tiocfaidh an lá go mbeidh daoine ábalta bualadh le cairde arís,” a dúirt an Taoiseach.