Comórtas nua le fáil amach cé hiad an pobal Gaeltachta is aclaí sa tír
Tá comórtas nua á reáchtáil an mhí seo le fáil amach cé hiad an pobal Gaeltachta is aclaí sa tír.
Cuireadh tús inniu le Comórtas Reatha na Gaeltachta atá eagraithe ag na hOifigigh Pleanála Teanga agus iad ag iarraidh píosa spraoi a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta le linn na paindéime.
Mar chuid den chomórtas táthar ag iarraidh ar dhaoine fásta dul amach ag rith nó ag siúl taobh istigh de 5km den bhaile, ar a laghad faoi dhó sa tseachtain, le cur le ‘míleáiste’ iomlán a gceantair.
“Tá i bhfad níos mó daoine ag dul amach ag siúl nó ag rith na laethanta seo agus leis an dúshlán seo tá súil againn go ndéanfaidh siad níos mó fós le tacú lena gceantair féin,” a deir Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua.
“Píosa spóirt agus spraoi a bheidh ann ach é sin ráite, tá barúil againn go mbeidh iomaíocht ghéar ann idir na pobail Ghaeltachta! Is thart ar an am seo den bhliain a bhíodh daoine ag réiteach i gcomhair Chomórtas Peile na Gaeltachta agus tabharfaidh Comórtas Reatha na Gaeltachta dúshlán eile dóibh, dúshlán inar féidir le gach duine fásta páirt a ghlacadh ann!”
Is iad na hOifigigh Pleanála Teanga a bheidh ag coinneáil cuntais ar mhíleáiste a bpobal féin. Lena chinntiú nach mbeidh pobal ina bhfuil an daonra íseal faoi mhíbhuntáiste, roinnfear iomlán mhíleáiste an phobail ar líon na ndaoine sa bpobal sin atá ag glacadh páirt sa chomórtas.
Tá tús curtha leis an gcomórtas inniu, Dé Lauin an 11 Bealtaine, agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh ceithre seachtaine.
Fógrófar na torthaí uair sa tseachtain agus bronnfar corn, atá urraithe ag Raidió na Gaeltachta, agus €200 ar an bpobal is aclaí. Fógrófar na buaiteoirí ar an 9 Meitheamh.
Le páirt a ghlacadh sa chomórtas, déan teagmháil leis an Oifigeach Pleanála Teanga i do cheantar féin.