AR SCÁTH A CHÉILE: Breis agus 50 ciorcal comhrá á reáchtáil ar líne
Breis agus 50 ciorcal comhrá á reáchtáil ar líne
Tá breis agus caoga 50 ciorcal comhrá á reáchtáil ar líne anois mar chuid de thionscadal ‘Caint agus Comhrá’ de chuid Chonradh na Gaeilge agus Seachtain na Gaeilge.
Ó thús na géarchéime, tá oiliúint á cur ar dhaoine ciorcail chomhrá a reáchtáil ar líne agus cúnamh a thabhairt do dhaoine dul i dtaithí ar an teicneolaíocht.
Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go raibh sé “an-tábhachtach” go mbeadh an eagraíocht “ag tabhairt cúnaimh do na ciorcail chomhrá”.
“Táimid ag cuidiú le grúpaí agus á gcumasú le gur féidir leo leanúint lena gciorcail. Is imeachtaí sóisialta tábhachtacha iad na ciorcail do dhaoine i ngach aoisghrúpa, go háirithe agus sinn sa bhaile faoi láthair.”
Dúirt Seán Ó Murchadha, feidhmeannach le Conradh na Gaeilge, go raibh sé an-tábhachtach go mbeadh daoine in ann teacht le chéile ar líne in aimsir na géarchéime.
“Anois, níos mó ná riamh, agus daoine ar fud an domhain ag cleachtadh scaradh sóisialta, tá an domhan fíorúil an-tábhachtach do dhaoine chun iad a nascadh lena chéile. Taispeánann na ciorcail don domhan cé chomh láidir is atá pobal na Gaeilge ar líne. Mholfainn do ghrúpa ar bith triail a bhaint as agus a gcuid Gaeilge a úsáid.”
Tá liosta de na ciorcail chomhrá ar fáil anseo ar an suíomh Peig agus fáilte roimh dhaoine nó grúpa nua a chlárú le Conradh na Gaeilge trí ríomhphost a chur chuig caint@cnag.ie