Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil beirt eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Naoi gcás nua atá deimhnithe.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.
Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, tráthnóna gur níos lú ná trí chás nua de Covid-19 in aghaidh gach 100,000 a bhíonn ann gach lá anois, rud a fhágann go bhfuil níos lú den ghalar in Éirinn ná mar atá i bhformhór mór de thíortha na hEorpa.
Tugadh le fios chomh maith tráthnóna go raibh imní ar an Rialtas faoi thithe tábhairne áirithe a bheith ag sárú rialacha Covid-19 agus go bhfuil sé i gceist ag Gardaí seiceálacha a dhéanamh ar phubanna ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo.
2,294 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,740 duine ó dheas den teorainn agus 554 ó thuaidh di.
31,245 cás den ghalar atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,498 cás ó dheas den teorainn agus 5,747 cás ó thuaidh di.
De réir an eolais is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA), faoi Dé hAoine seo caite, an 26 Meitheamh, bhí 826 duine básaithe de bharr Covid-19.
550 bás a bhí curtha ar an taifead ag an Roinn Sláinte faoin tráth sin.
Básanna sna hospidéil den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shiocair bháis ar theastas báis.
De réir na bhfigiúirí is déanaí ó NISRA, tá laghdú tagtha arís ar líon na mbásanna de dheasca Covid-19.