Deir Aire Stáit nua na Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil faoi “dianchúrsa Gaeilge” a dhéanamh le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge sna seachtainí amach romhainn.
Thug urlabhraí de chuid Fhianna Fáil le fios do Tuairisc.ie tráthnóna go bhfuil an t-aire stáit nua “réasúnta compordach i mbun comhrá” i nGaeilge mar atá ach go bhfuil faoi an cúrsa a dhéanamh le “teacht isteach” ar an teanga.
Ceapadh Jack Chambers, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil as Baile Átha Cliath Thiar, ina Phríomh-Aoire agus aire stáit Gaeltachta agus spóirt inniu.
Dheimhnigh an Taoiseach Micheál Martin an méid sin sa Dáil inniu, i ndiaidh dó a fhógairt go raibh Dara Calleary le ceapadh ina Aire Talmhaíochta in áit Barry Cowen, ar tugadh bata agus bóthar inné dó.
De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie i measc na bpáirtithe polaitiúla i mbliana, ní raibh Jack Chambers i measc na dTeachtaí Dála ag Fianna Fáil a bhfuil Gaeilge líofa acu.
Is í an tslat tomhais a bhí againn sa suirbhé sin maidir le líofacht ná dóthain Gaeilge chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.
Níor thug Fianna Fáil ná Jack Chambers le fios go raibh Gaeilge aige ach oiread nuair a rinneadh a mhacasamhail de shuirbhé in 2016 nuair a toghadh Chambers chun na Dála den chéad uair.
Tá Jack Chambers, atá 29 bliain d’aois, ina Theachta Dála ó 2016,
Rugadh é sa Ghaillimh ach d’aistrigh sé lena mhuintir go dtí Baile Átha Cliath nuair a bhí sé óg.
Tá sé cáilithe mar dhochtúir ó mhí Mhárta na bliana seo, agus tá céim sa dlí agus sa pholaitíocht aige ó Choláiste na Tríonóide. chomh maith.
Cuirfidh plean an aire stáit cúrsaí Gaeilge a dhéanamh i gcuimhne do dhaoine an chonspóid mhór a bhí ann nuair a cheap Enda Kenny an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Joe McHugh ina aire stáit i Roinn na Gaeltachta in 2014.
D’fhógair Enda Kenny, a bhí ina Thaoiseach ag an am, go rachadh McHugh ar “aistear teanga” le linn dó a bheith ina aire stáit don Ghaeltacht agus chláraigh McHugh láithreach do chúrsa le hOideas Gael.
I bpobalbhreith náisiúnta a rinne an comhlacht Millward Brown ar son Tuairisc.ie in 2014, dúirt 61% de dhaoine nár chóir don Taoiseach Enda Kenny duine a cheapadh mar Aire na Gaeltachta nach raibh líofa sa Ghaeilge.
Dúirt 20% de na rannpháirtithe nach botún a bhí ann.