Fuarthas plandaí cannabais ar fiú €4,800 iad nuair a rinne na Gardaí cuardach ar theach i Lios Póil i gCorca Dhuibhne inné.
Aonad Drugaí na nGardaí i gCiarraí, le cabhair Ghardaí an Daingin, a rinne an cuardach a tharla thart ar 6.00pm inné.
Gabhadh fear sna daichidí.
Tuairiscítear go raibh ar na Gardaí doras cúil an tí a bhriseadh nuair nár tugadh cead isteach dóibh.
Le linn an chuardaigh, fuarthas na plandaí cannabais i bpolathollán sa ghairdín cúil. Aimsíodh luibh cannabais sa teach chomh maith.
Tugadh an fear go dtí Stáisiún na nGardaí i dTrá Lí agus scaoileadh saor é tamall ina dhiaidh sin.
Tá comhad á ullmhú ag na Gardaí don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.