Deir an file agus scoláire aitheanta Louis de Paor gur chóir don Stát teach saoire Mháire Mhac an tSaoi i nGaeltacht Dhún Chaoin agus “áiteanna beannaithe eile a bhfuil luach cultúrtha leo” a chur ar láimh shábhála do na glúnta atá le teacht.
Tá an teach saoire ar chaith duine de mhórfhilí na Gaeilge, Máire Mhac an tSaoi, cuid mhór dá hóige ann le cur ar ceant an mhí seo agus €120,000 á lorg mar chéad tairiscint.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Louis de Paor, saineolaí ar fhilíocht Mhac an tSaoi, gur “áit bheannaithe ó thaobh na litríochta Gaeilge agus na dtraidisiún dúchais” é an teach ar a dtugtaí Tigh na Cille i nGaeltacht Dhún Chaoin agus gur cheart a chinntiú go dtuigfeadh an ghlúin atá le teacht “an luach agus an tábhacht” a bhaineann leis.
“Ancaire samhlaíochta ab ea Tigh na Cille a choinnigh í féin is a cuid filíochta i ngreim sa tsibhialtacht uasal a d’aimsigh sí i nGaeltacht Dhún Chaoin. Áit bheannaithe is ea é mar sin d’éinne a bhfuil meas aige nó aici ar an oidhreacht áirithe a fhágann gur áit fé leith í an tír seo.
“Tar éis na cainte go léir, áfach, nílimid sásta, de réir dealraimh, beart a dhéanamh de réir ár mbriathra is a chinntiú go gcuirfí áiteanna mar seo ar láimh shábhála dos na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh,” a dúirt de Paor.
Beidh an teach, atá ina fhothrach anois, ar díol ag an cheantálaí Anthony Fitzgerald, úinéir an eastáit ghníomhaireachta West Kerry Properties.
Dúirt Anthony Fitzgerald le Tuairisc.ie go bhfuil “spéis réasúnta mór” á léiriú sa teach go dtí seo agus gur daoine sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain is mó a bhí i dteagmháil leis go dtí seo faoin cheant.
Tá an teach suite i gCeathrú an Fheirtéaraigh, ar imeall aille ag féachaint amach ar an Bhlascaod Mór.
Dúirt Fitzgerald gurb é an “radharc aoibhinn” is mó atá ag mealladh daoine ach “rud sa bhreis” é an cúlra stairiúil spéisiúil a chuireann leis an mhaoin.
Uncail Mháire Mhac an tSaoi, an Moinsíneoir Pádraig de Brún, file agus scoláire aitheanta, a thóg an teach sa bhliain 1920.
Ba chara mór é an Moinsíneoir de Brún le Seán Mac Diarmada, duine de cheannairí Éirí Amach na Cásca ar cuireadh chun báis iad.
Tuigtear gur tháinig de Brún ar rothar go Dún Chaoin ó Bhaile Átha Cliath le faoiseamh a fháil ón bhriseadh croí a bhí air i ndiaidh bhás a charad agus go ndearna sé tearmann cultúir, litríochta agus Gaelainne den teach a bhí mar “athbhaile” ag Máire Mhac an tSaoi.
“Thug Pádraig de Brún leis an t-eolas fairsing a bhí aige ar litríocht na Gaeilge is ar ealaín na mór-roinne go dtí Tigh na Cille mar a raibh fáilte i gcónaí roimh mhuintir na háite, máistrí an traidisiúin dúchais bhéil. Leis sin, d’fhéadfá a rá go raibh an iasacht is an dúchas, an tseanaimsir is an fichiú haois ag bualadh le chéile sa tigh sin ar aghaidh an Atlantaigh,” a deir Louis de Paor.
Deir de Paor go bhfuil áiteanna ar fud na tíre a bhfuil luach cultúrtha an-mhór leo tréigthe agus gur beag dóchas aige go dtógfaí ar láimh shábhála iad.
“Tá tigh Sheáin Uí Ríordáin ina fhásach ar imeall chathair Chorcaí agus tigh Phádraig de Brún ag titim as a chéile le blianta fada.
“Nuair nárbh fhéidir Teamhair a chosaint ar na tarracóirí roinnt blianta ó shin, is deacair a shamhlú go mbeidh aon athrú ar an scéal fiú agus Gaeilgeoirí díograiseacha chun tosaigh i measc lucht na cumhachta anois,” a dúirt an file Louis de Paor.