Tá “dúshláin mhóra” roimh Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm an tumoideachais i mbliana toisc na scoileanna a bheith dúnta ó mhí an Mhárta seo caite.
Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghreacháin, go bhfuil dúshláin mhóra le sárú ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta “i bhfianaise sciar mór de na daltaí” a bheith gan aon teagmháil leis an teanga le sé mhí anuas.
“D’fhéadfá a rá gur tubaiste é an scarúint ón teanga do ranganna na naíonán sna bunscoileanna lán-Ghaeilge thairis aon rang eile de bharr a laghad teagmhála a bhí ag go leor de na páistí seo leis an teanga ó dúnadh na scoileanna nó na naíonraí,“ a dúirt Ní Ghreacháin.
Aontaíonn Dónal Ó hAiniféin, Príomhoide Gaelscoil Mhichíl Chiosóg in Inis agus Cathaoirleach COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, leis an méid sin.
Agus doirse na scoile oscailte arís le seachtain anuas, dúirt Ó hAiniféin go bhfuil sé “níos dúshlánaí ná riamh” labhairt na Gaeilge a chur i bhfeidhm “i ngach rang i mbliana toisc an tréimhse scoir a bheith chomh fada sin”.
Tá “bearnaí móra” le brath, go háirithe i gcás na naíonán agus daltaí rang a haon, a dúirt sé.
“Bhí an tréimhse dianghlasála an-dian ar fad ar na naíonáin go háirithe mar gur chaill siad roinnt míonna den sóisialú teanga, den chumarsáid agus den fhorbairt a tharlaíonn de ghnáth.”
Tá cinneadh déanta ag Ó hAiniféin múinteoirí ó fhoireann oideachais speisialta na scoile a chur ag obair leis na naíonáin shinsearacha agus le Rang a hAon le dul i ngleic leis na dúshláin atá ann agus molann sé do phríomhoidí amhlaidh a dhéanamh.
“Caithfidh Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta iarracht a dhéanamh acmhainní breise daonna a chur ag obair leis ranganna sóisearachta, bíodh sin cúntóirí ranga nó cúntóirí teanga nó múinteoirí ón bhfoireann oideachais speisialta. In áit a bheith ag díriú ar na hardranganna mholfainn i mbliana idir Meán Fómhair agus an Nollaig díriú ar na bunranganna. Bheadh ciall, réasún agus bunús oideachasúil leis sin,” a dúirt Ó hAiniféin.
Dúirt sé nach raibh “aon leigheas ar an mbearna” a d’fhág an tréimhse ag baile “seachas a bheith ag obair agus ag gníomhú trí mheán na Gaeilge”.
Beidh “ceist ann” do lucht an Ghaeloideachais acmhainní breise a lorg sna míonna amach romhainn, dar leis, “nuair a bheidh deis ag príomhoidí a n-anáil a tharraingt”.
Thug Príomhfheidhmeannach Ghaeloideachais le fios go bhfuil bearta éagsúla eile á gcur i bhfeidhm ag Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta le dul i ngleic leis na bearnaí a d’fhág an tréimhse gan tumoideachas.
De ghnáth sna scoileanna Gaeltachta, bíonn tumadh iomlán i leith na Gaeilge sa chéad dá bhliain sna naíonáin agus ní thosaítear ar theagasc an Bhéarla go dtí Rang a hAon. Is amhlaidh an cleachtas in “an-chuid” de na bunscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht, a deir Bláthnaid Ní Ghreacháin, ach go bhfuil rogha ann tús a chur le teagasc an Bhéarla roimh rang a haon.
Aithnítear an cur chuige sin mar an bealach “is éifeachtaí” chun teanga a shealbhú, a dúirt Ní Ghreacháin.
Dúirt Ní Ghreacháin go raibh “go leor” Gaelscoileanna ag cur leis an tréimhse luath-thumtha sa teanga, agus teagasc an Bhéarla á sheachaint acu go dtí Rang a hAon.
“Tá daltaí sna ranganna níos sinsearaí i mbun tréimhse dhá mhí den tumoideachas gan aon teagasc sa Bhéarla chun iad a chur i dtaithí ar an teanga agus a húsáid mar mheán cumarsáide nádúrtha.”
Dúirt Ní Ghreacháin gur “mórdhúshláin” do dhaltaí uile an Ghaeloideachais an “easpa deiseanna a bhí ann bheith i gcomhluadar páistí eile agus bheith ag spraoi trí mheán na Gaeilge”.
Tá leabhrán ‘Beatha Teanga’ curtha amach ag Gaeloideachas le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí úsáid na Gaeilge a spreagadh agus reáchtáladh seimineár ar líne do mhúinteoirí ar an ábhar, ábhar atá ar fáil ar shuíomh na heagraíochta.