Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-litriocht-bheil:-liam-na-sopoige

LITRÍOCHT BHÉIL: Liam na Sopóige

| Tuairisc.ie | ,

Athscríobh:

  • Téigh chuig an leathnach seo ar dúchas.ie. 
  • Ag obair le do pháirtí déan an scéal atá ansin a athscríobh i nGaeilge an lae inniu.

Éist leis an taifeadadh den scéal.

  • Seo an leagan athscríofa den scéal.
  • Léigh an chéad leath don scéal os ard don duine atá ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara cuid os ard duitse.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Liam na Sopóige

Bhí gabha ina chónaí in Éirinn i bhfad ó shin darbh ainm Liam. Bhí sé ina chónaí leis féin. Ní raibh a dhath idir é féin agus an saol ach cathaoir, crann úll agus bosca beag adhmaid. Bhí sé iontach tugtha don ól. Lá amháin bhí sé ag gabháil thart le teach tábhairne agus bhí a theanga amuigh le tart. Ba mhaith leis gloine uisce beatha a fháil ach ní raibh oiread agus pingin rua aige. “Ach,” ar seisean, “níl de dhíth orm ach scilling ach dhíolfainn m’anam leis an diabhal dá dtabharfadh sé scilling amháin dom a gheobhadh gloine uisce beatha dom.” D’amharc sé ar an urlár agus chonaic sé scilling caite ann. Thóg sé an scilling, chuaigh isteach go teach na tábhairne agus d’ól gloine bhreá. Ansin thug sé a aghaidh ar an bhaile.

Cé a bhí istigh sa cheárta ach Naomh Peadar agus capall leis faoi choinne crúite a fháil air. Thosaigh Liam ar an obair agus ba ghairid go raibh na crúite ar an gcapall. Nuair a bhí sé réidh, arsa Noamh Peadar, “tá trí achainí le fáil agat anois”. “Bhal,” arsa Liam, “tá crann úll agam agus bíonn an t-aos óg ag tabhairt leo na n-úll agus is í an achainí atá mé a iarraidh duine ar bith a leagfaidh a lámh air é a cheangal dó nó go scaoilfeadh seisean é.” “An dara ceann,” ar seisean, “má shuíonn duine ar bith ar mo chathaoir gan é a  bheith ábalta bogadh go ligfidh mé chun siúil é.” “An tríú ceann,” ar seisean, “gach ar bith a rachaidh isteach i mo bhosca gan é a fháil amach go mbainfidh mise amach é.” “Tá sin le fáil agat,” arsa Naomh Peadar, “ach is olc a rinne tú gan aon cheann acu a iarraidh do d’anam.”

Nuair a d’imigh Naomh Peadar cé a tháinig isteach ach an diabhal, péire adharc air agus é ag tarraingt slabhra iarainn ina dhiaidh.

“Tá do chuid ama thuas,” arsa an diabhal, ó tharla gur dhíol tú tú féin liomsa.” “Maith go leor,” arsa Liam, “tá mé sásta.” D’iarr sé ar an diabhal dul amach go dtí an crann úll, úlla a bhaint dó féin agus ceann dósan a bheadh siad ag ithe rompu ar an mbealach. Amach leis an diabhal faoi choinne na n-úll ach níor luaithe a leag sé a lámh ar an gcrann ná ceapadh é agus ní rabh sé ábalta bogadh. “Anois,” arsa Liam, “beidh tú ansin go scaoilfidh mise tú agus beidh sin tamall maith.” “Má scaoileann tú mé,” arsa an t-ógánach, “ní thiocfaidh mé faoi do chomhair go cionn fiche bliain.” Scaoil an gabha é agus d’imigh sé.

Nuair a bhí na fiche bliain caite tháinig an diabhal athuair. Bhí Liam ina shuí ag ithe a dhinnéir. “Cinnte beidh tú liom an iarraidh seo,” arsa an diabhal. “Suigh ar an gcathaoir go raibh mo dhinnéar ite agam,” arsa Liam. Shuigh an diabhal, agus nuair a bhí Liam réidh d’iarr sé air teacht leis ach nuair a thug an diabhal iarraidh éirí ní raibh sé ábalta nó bhí sé gafa.

“Caithfidh tú fanacht ansin go scaoilfidh mise thú,” arsa an gabha, “agus beidh fanacht fada ort.” “Fanfaidh mé ar siúl uait go ceann fiche bliain eile,” arsa an diabhal, “má ligeann tú ar shiúl mé.” Thug Liam ceann a chinn dó agus d’imigh sé.

I gceann fiche bliain d’fhill an diabhal ar ais agus iomlán a raibh de dhiabhail bheaga in ifreann leis. “Imeoidh tú inniu ar scor ar bith,” arsa an diabhal le Liam.

“Imeoidh,” arsa Liam, “gabhaigí isteach.” Caidé a bhí sa doras ach an bosca. Nuair a tháinig na diabhail isteach ceapadh iad sa bhosca agus ní raibh siad ábalta teacht amach.

Chuir Liam an clár ar an mbosca agus ar seisean, “ní bhfaighidh sibh amach as sin a choíche.” “Má ligeann tú cead ár gcinn linn,” ar siadsan, “ní thiocfaidh muid faoi do choinne choíche.” Thóg Liam an clár den bhosca agus d’imigh siad uilig.

Ní raibh sé i bhfad ina dhiaidh sin go bhfuair Liam bás agus siúd suas é ag tarraingt ar na flaithis. Bhí Naomh Peadar ar an ngeata agus d’iarr Liam air é a ligean isteach. “Is fada díolta leis an diabhal thú,” arsa Naomh Peadar, “agus caithfidh tú dul chuige anois.” D’imigh sé ag tarraingt ar ifreann agus nuair a chonaic na diabhail ag tarraingt orthu é dúirt siad go bhfuair siad a sáith de agus é a choinneáil amach uathu. Chaith siad amach sop chuige agus an sop lasta. D’imigh sé leis ansin agus sin an rud a d’fhág Liam na Sopóige ar shiúl ó thom go tom agus solas leis, ón lá sin go dtí an lá inniu.

Niall Shéimisín Ó Domhnaill, 82, Doire na Mainséar

Chainte:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

  1. Ní raibh a dhath idir é féin agus an saol ach cathaoir, crann úll agus bosca beag adhmaid.” Cén bhrí a bhaineann tú as an abairt sin?
  2. Cén bhaint atá ag uisce beatha leis an scéal?
  3. Cén fáth a ndéanann an gabha tagairt don diabhal ar dtús?
  4. Cén fáth a raibh Naomh Peadar sa cheárta?
  5. Déan cur síos ar na trí achainí i d’fhocail féin?
  6. Cén botún a rinne an gabha, dar le Naomh Peadar?
  7. Cad a dúradh leis an ngabha nuair a chuaigh sé go hifreann?

  • Téigh chun cainte le duine éigin sa phobal agus faigh cuntas uathu faoi cheirdeanna traidisiúnta a bhíodh sa cheantar san am a caitheadh.

Spreagcheisteanna:

An raibh gabha, táilliúir, tuíodóir, srl. sa cheantar?

Cá raibh siad?

Cad a bhíodh á dhéanamh acu?

Cathain a d’imigh na daoine/ceirdeanna seo?

Cén fáth ar imigh siad?

An airíonn tú uait na ceirdeanna seo?

  • D’fhéadfaí an t-agallamh/cuntas seo a thaifeadadh agus a sheinm don rang.

  • Téigh chuig logainm.ie agus faigh a thuilleadh eolais faoi logainm atá luaite sa scéal. An bhfuil aon logainm cosúil leis i do cheantarsa?
  • Téigh chuid dúchas.ie agus déan iarracht teacht ar scéalta/cuntais faoi cheirdeanna traidisiúnta.

  • Cuireann iriseoir ó Nuacht TG4 agallamh ar Liam na Sopóige. Scríobh an t-agallamh sin.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna/focail sa téacs a úsáid.
  • Déan focail/nathanna a chuardach agus a sheiceáil ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Nuair atá an t-agallamh scríofa is féidir libh rólghlacadh a dhéanamh ina mbeirteanna. Lena chois sin is féidir an t-agallamh a thaifeadadh agus a thaispeáint don rang.

  • Seo nasc chuig alt ar dúchas.ie faoi cheardaíocht thraidisiúnta.


    Déan é a léamh agus fág trácht. Déan tráchtanna daoine eile a léamh agus tabhair freagraí.
  • Píosa físe ó shuíomh Molscéal.ie faoi thógáil bád.
  • Nasc chuig suíomh idirlín Ard-Mhúsaem na hÉireann mar a bhfuil cur síos ar cheirdeanna agus ceardaíocht thraidisiúnta.

D’fhéadfadh an múinteoir a cheisteanna féin nó ceisteanna breise a chumadh anseo

Níos mó