Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go bhfuil sé “buartha faoi chuile shórt” a bhaineann leis an treo a bhfuil a pháirtí ag dul, ag áireamh a ndearcadh i leith chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Níl aon cheist faoi nach bhfuil an díograis chéanna ag Fianna Fáil ó thaobh na Gaeilge de is a bhíodh,” a dúirt iar-leascheannaire Fhianna Fáil le Tuairisc.ie.
“Bhíodh an Ghaeilge mar cheann de phríomh-aidhmeanna an pháirtí ach ní fhéadfá sin a rá anois, agus sin ag am a bhfuil brú sa Ghaeltacht agus spéis níos mó sa teanga in áiteanna eile sa tír,” a dúirt Ó Cuív.
Tá ráite ag Ó Cuív go bhfuil ceannaire nua ag teastáil ó Fhianna Fáil agus amhras air nach mbeidh Fianna Fáil ar cheann de “mhórpháirtithe polaitíochta” na tíre amach anseo mura dtagann athrú ar chúrsaí “go práinneach”.
“Mura ndéanann muid rud éigin go práinneach chun an treo atá an páirtí ag dul a athrú, beidh deireadh le Fianna Fáil mar mhórpháirtí na tíre,” a deir an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar.
Agus é faoi agallamh ar an chlár Today with Claire Byrne ar RTÉ Radio One, dúirt Ó Cuív, go raibh “ceannaire úr” agus “athrú treo” ag teastáil ó Fhianna Fáil.
Dúirt an Teachta Dála nár aontaigh sé le Micheál Martin faoi “go leor ceisteanna” a tháinig chun cinn le míonna agus le blianta beaga anuas.
Dúirt Ó Cuív nár cheart don pháirtí dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael “a loic ar na daoine” agus gur chóir machnamh ceart a dhéanamh i ndiaidh olltoghchán mhí Feabhra ar chomhrialtas a chur le chéile le Sinn Féin.
Dúirt sé chomh maith gur údar imní é go raibh tacaíocht Fhianna Fáil tite go 10% sa phobalbhreith a rinne Red C le déanaí.
Dúirt sé gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar “chuile shórt” sa pháirtí agus nach raibh aon athbhreithniú déanta maidir leis “na rudaí a chuaigh amú” in olltoghchán mhí Feabhra seo caite.
“Níl aon cheangal againn leis an bpobal a thuilleadh. Ní thugann muid an aird chéanna ar a bhfuil á rá ag gnáthphobal na tíre,” a dúirt sé.
Dúirt Éamon Ó Cuív go raibh “fadhb struchtúir” i bhFianna Fáil, a d’eascair ón chlár Rialtais a aontaíodh le Fine Gael agus an Comhaontas Glas, agus go raibh an chuma air go raibh an lámh in uachtar sa chomhrialtas sin ag an Tánaiste, Leo Varadkar.
Ag tús an tsamhraidh, tráth ar foilsíodh an clár rialtais, dúirt an Teachta Dála Ó Cuív nach raibh sa cháipéis ach an gnáthbhladar faoin Ghaeilge agus mhol sé d’aon duine ina pháirtí ar spéis leo an Ghaeilge agus an Ghaeltacht vótáil ina choinne.