Tá os cionn ceathrú milliún euro bronnta ag an rialtas ar ealaíontóirí Gaeltachta chun tacaíocht a thabhairt don earnáil agus í buailte ag paindéim an Covid-19.
Tá sparánachtaí suas le €6,000 bronnta ag Ealaín na Gaeltachta ar 57 ealaíontóir sa Ghaeltacht agus scríbhneoirí, ceoltóirí, lucht drámaíochta agus ealaíontóirí aitheanta ina measc.
Chuir Clár Éire Ildánach an t-airgead ar fáil mar chuid de chlár spreagtha mhí Iúil chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil d’ealaíontóirí.
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/2020/02/28-donall-o-healai-jpg.jpg)
Tá an t-aisteoir as Gaeltacht Chonamara Dónall Ó Héalaí, a ainmníodh le déanaí don ghradam ‘Stars of Tomorrow’ de chuid Screen International, i measc na n-ealaíontóirí ar bronnadh sparánacht air agus dúirt sé go dtabharfaidh an tacaíocht bhreise deis dó script a scríobh.
“Táim fíorbhuíoch d’Ealaín na Gaeltachta agus Éire Ildánach as an sparánacht seo. Is deis iontach dom féin go pearsanta í le ham a chur ar leataobh chun tabhairt faoi scríbhneoireacht scripte. Mar aisteoir is minic a shantaíonn tú script a scríobh. Beidh mé in ann an fhís sin a fhíorú anois mar gheall ar an tacaíocht agus an spreagadh atá ar fáil ó Ealaín na Gaeltachta agus Éire Ildánach.”
Tá Darach Mac Con Iomaire ar dhuine eile de lucht drámaíochta agus scannán ar bronnadh sparánacht orthu. Tá Muireann Nic Amhlaoibh, Peadar Ó Riada, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Breanndán Ó Beaglaoich i measc na gceoltóirí agus amhránaithe a fuair sparánachtaí. I measc na scríbhneoirí a fuair sparánacht tá Dairena Ní Chinnéide, Cathal Ó Searcaigh, Ceaití Ní Bheildiúin agus Mike P Ó Conaola.
Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin go bhfuil meas tuillte acu siúd atá ag cleachtadh na n-ealaíon i nGaeilge gur “ábhar spreagtha cinnte” iad na tionscadail atá beartaithe ag na healaíontóirí Gaeltachta.
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/nosgradaim_20-01-2017-0001.jpg)
Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers fáilte roimh an tionscnamh freisin agus mhaígh sé gur léiriú é “ar thiomantas an Rialtais d’fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht mar a gealladh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030”.
“Tá na healaíona cruthaitheacha ar cheann de na hearnálacha is mó atá buailte ag COVID-19, agus an Ghaeltacht is mó a bhfuil tionchar ag an víreas uirthi agus mar sin tá tábhacht ar leith ag baint leis na sparánachtaí seo agus iad tráthúil go leor,” a dúirt an tAire Chambers. “Tá na healaíontóirí seo ag déanamh obair den scoth le linn tréimhse achrannach. Is infheistíocht an maoiniú seo i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na Gaeilge agus chultúr na hÉireann tráth a bhfuil na healaíona ag teastáil go géar chun meanma na tíre a ardú.”
Chuir Micheál Ó Fearraigh, feidhmeannach forbartha Ealaín na Gaeltachta, fáilte roimh Scéim Sparánachta Ealaín na Gaeltachta.
“Gan ealaíontóirí, ní bheidh aon ealaíon ann. Tá tuiscint mhór againn ar an tábhacht atá leis na healaíona i saol na Gaeltachta. Táimid buíoch den Chlár Éire Ildánach. A bhuí leis táimid in ann tacaíocht shuntasach bhreise a chur ar fail d’ealaíontóirí sa Ghaeltacht tráth a bhfuil slad déanta ar shlí bheatha daoine ag an bpaindéim.”