Deir an t-iar-aire Gaeltachta Eamon Ó Cuív go ndearna an chaoi ar dhéileáil an Stát le scaipeadh an eolais faoin Covid-19 “ceap magaidh” den Ghaeilge.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fianna Fáil a dúradh ag coiste Oireachtais gur “náire shaolta” a bhí sa gcaoi ar caitheadh leis an nGaeilge ó thús na paindéime.
Thagair sé don scéala nár foilsíodh leabhrán oifigiúil eolais an Rialtais go dátheangach ach gurbh amhlaidh gur seoladh dhá bhileog éagsúla go dtí gach líon tí, ceann i mBéarla agus ceann i nGaeilge.
Dúirt Ó Cuív ag an gCoiste Coimirce Sóisialaí gur chosain sé go leor ar an státchiste dhá leabhrán a sheoladh. “Náire shaolta, agus ní tada eile, an chaoi ar caitheadh leis an teanga. Chosain sé cual airgid an dara bileog a scaipeadh agus rinneadh sin agus é ráite go soiléir sa dlí gur cheart é sin ar fad a bheith déanta go dátheangach.”
Dúirt Ó Cuív chomh maith gur cheart comharthaíocht dhátheangach a chrochadh ar fud na tíre.
“Tá gasúir ar fud na tíre ag freastal ar ghaelscoileanna. Ar láimh amháin tá muid ag caitheamh go leor airgid ar an nGaeilge agus ar an láimh eile táimid ag déanamh ceap magaidh di,” a dúirt sé.
“Cén chaoi a bhféadfaidh tú a rá le gasúr gur teanga cheart í an Ghaeilge mura bhfeiceann siad ach ag an scoil í?”
Dúirt an Teachta Marc Ó Cathasaigh ó Chomhaontas Glas go gcaithfidh an Stát “feabhsú” ó thaobh eolas a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna.
“Ba cheart gur gnáthchleachtas a bheadh ann go gcuirfí aon ábhar stáit a fhoilsítear i mBéarla ar fáil ag an am céanna i nGaeilge,” a dúirt Ó Cathasaigh.