Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-tuairimi-eagsula-ann-faoi-‘eagoir’-ar-dhaltai-ardteiste-i-scoileanna-gaeilge-agus-gaeltachta

Tuairimí éagsúla ann faoi ‘éagóir’ ar dhaltaí Ardteiste i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

| Meabh Ni Thuathalain |

Tá tuairimí éagsúla ag príomhoidí scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta faoi cé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh éagóir ar dhaltaí i scrúdú Ardteiste Gaeilge na bliana seo.

Tá ráite ag roinnt príomhoidí i nGaelcholáistí gurb amhlaidh nár tugadh san áireamh i gcóras na ngrád measta go mbíonn caighdeán Gaeilge níos airde ag daltaí Ardteiste i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá an eagraíocht Gaeloideachas ag lorg cruinniú leis an Roinn Oideachais “ar bhonn práinne” chun an scéal a phlé.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghreacháin, go raibh “imní” orthu faoin “drochthionchar” a bhí ag córas na ngrád measta ar “go leor” daltaí ardteiste Gaeilge in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

“Ní mór dúinn a chinntiú go dtógfar san áireamh próifíl na scoile sa chás gur scoil í atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge má tharlaíonn go mbíonn córas mar seo ann arís,” a dúirt Ní Ghreacháin.

Ach dúirt príomhoidí i nGaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta nár thug siad aon ísliú faoi deara i ngráid ardteiste na bliana seo sa Ghaeilge.

Dúirt Príomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh, Tony Ó Murchú, le Tuairisc.ie, go bhfuair daltaí “cothrom na Féinne” i scrúdú ardteiste na Gaeilge i mbliana i gcomparáid le blianta eile agus nár íslíodh ach “grád nó dhó”.

“Tá mé den tuairim le fada go mbíonn éagóir á déanamh ar dhaltaí sna Gaelcholáistí i scrúdú Ardteiste na Gaeilge ach ní fhaca mé go ndearnadh an éagóir chéanna i gcás na marcanna ríofa.

“Bíonn caighdeán níos airde á lorg ag scrúdaitheoirí ó dhaltaí sna Gaelcholáistí sa scrúdú Ardteiste Gaeilge agus tá go leor príomhoidí i nGaelcholáistí eile den tuairim nár chóir go mbeadh an cuar céanna i bhfeidhm do dhaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais i nGaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Murchú go mbíonn “amhras” air faoi na gráid a mbronntar ar dhaltaí i nGaelcholáistí sa scrúdú Gaeilge.

“Ní léir dom gurb ionann an H1 nó H2 a fhaigheann dalta i nGaelcholáiste agus an H1 nó H2 a fhaigheann dalta i scoil Bhéarla.

“Chonaiceamar samplaí éagsúla thar na blianta de dhaltaí a d’fhág an scoil agus a chuaigh chuig scoil Bhéarla chun an Ardteist a dhéanamh agus d’éirigh leo an marc is airde a d’fhéadfaí a fháil sa scrúdú Gaeilge mar go raibh caighdeán níos airde acu i gcomparáid leis na daltaí eile sa scoil sin. Bheadh daltaí ar an gcaighdeán céanna sa scoil againne nach bhfaigheadh an marc is airde toisc iad a bheith i measc daltaí a bhfuil caighdeán Gaeilge níos airde acu,”  a dúirt Príomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh, Tony Ó Murchú.

A mhalairt scéil atá ag Príomhoide Choláiste na Coiribe, Eoghan Ó Ceallaigh, a deir gur tháinig laghdú 50% ar na gráid a bronnadh ar dhaltaí sa scrúdú Ardteiste Gaeilge ina scoil féin.

Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt Ó Ceallaigh go raibh sé “ríshoiléir” nach bhfuair daltaí “gráid chuí” sa Ghaeilge i gColáiste na Coiribe i mbliana toisc nár cuireadh san áireamh go rabhadar ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge.

“Tá muid ag iarraidh an cheist seo a ardú ionas nach dtarlódh sé in athuair i mbliana,” a dúirt Ó Ceallaigh.

Dúirt Príomhoide Ghaelcholáiste an Eachréidh, Brian Ó Maolchiaráin, ar Nuacht TG4/RTÉ gur mheas sé gur tháinig ísliú “as cor” ar na gráid a fuair daltaí Ardteiste a scoile sa scrúdú Gaeilge i mbliana agus nach bhfacthas an t-ísliú céanna in aon ábhar eile.

Tá aighneacht faoi chás na scoileanna a deir go ndearnadh éagóir ar a gcuid daltaí sa scrúdú Gaeilge curtha faoi bhráid na Roinne Oideachais ag Bord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann. Táthar ag fanacht ar fhreagra ar an aighneacht sin ach deir an Roinn Oideachais nach bhfuil aon fhadhb ann maidir leis na marcanna sa Ghaeilge a bronnadh ar dhaltaí i nGaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta in Ardteist na bliana seo.

Níos mó