![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-rianta-na-miosa-–-deireadh-fomhair](/wp-content/themes/yootheme/cache/b4/30930-rianta-na-miosa-deireadh-fomhair-b4139a7b.jpeg)
Rianta na Míosa – Deireadh Fómhair
Tá 30 rian ar sheinnliosta NÓS mhí Dheireadh Fómhair agus na hamhráin agus tiúnacha is fearr a eisíodh an mhí seo caite roghnaithe ag Ben Ó Faoláin dúinn – amhrán breá Gaeilge ó Chilli Flake ina measc!
Ar na ceoltóirí Éireannacha eile atá le cloisteáil ar liosta na míosa tá Séamus Fogarty Mhaigh Eo agus an dís Fheirsteach Bicep.
Tá rianta ó albaim úra de chuid Krust, Mary Lattimore, Tino Contreras, Sun Ra Arkestra, Actress, Felbm, Zenker Brothers, Letherette, Rodrigo Leaio agus Cyril Cyril.
Mar is dual dó, tá a shúil caite ag Ben Ó Faoláin i bhfad níos faide i gcéin ná Éire agus Anglaisféar an cheoil agus ceol roghnaithe aige ó as Martinique, an Ollainn, an Ghearmáin, an Bheilg, Meicsiceo, Meiriceá, an Cholóim, an Phortaingéil, Sasana, An Astráil, Mailí agus an Éigipt.
Ná déan dearmad NÓS a leanúint ar ár leathanach Spotify!