Deir Gaillimh 2020 gur ar mhaithe leis an fheachtas bolscaireachta “ab fhearr” a rinneadh an cinneadh blas Gaeilgeora a dhéanamh ‘níos neodraí’ ar fhógra don fhéile a craoladh ar RTÉ.
I ráiteas a chuir urlabhraí Gaillimh 2020 ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh gur ar mhaithe le “feachtas a léireodh an clár cultúir iomlán – áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta”, a d’iarr Gaillimh2020 go ndéanfaí blas an Ghaeilgeora a bheadh le cloisteáil ar leagan Béarla den fhógra níos neodraí.
Sa chomhfhreagras idir RTÉ agus Gaillimh2020 maidir leis an bhfógra, dúirt duine d’oifigigh Gaillimh 2020 go raibh canúint Bhéarla an duine a bhí le cloisteáil ann “a bit Gaeilgeoir” agus go mb’fhearr leo dá mbeadh blas níos neodraí le cloisteáil.
Mí Eanáir na bliana seo a tharla an eachtra de réir tuairisce sa Connacht Tribune nuair a bhí RTÉ, comhpháirtí na meán náisiúnta do Ghaillimh 2020, ag réiteach fógra don fhéile.
Dúirt bainisteoir branda agus margaíochta RTÉ, Maria Buckley, le hoifigeach cumarsáide Gaillimh 2020 ag an am, Fintan Maher, go raibh bean faighte aici chun guthú a dhéanamh ar an bhfógra.
“I think she would work great . . . and she’s a Gaeilgeoir,” a dúirt Buckley.
Ina fhreagra, dúirt Maher go raibh blas an Ghaeilgeora le cloisteáil sa leagan Béarla.
“We do like her voice but could she go more neutral accent for the English version – comes across a bit Gaeilgeoir, which is perfect for the Fleadh,” ar sé agus é ag tagairt d’fhógraí a bhí déanta ag RTÉ d’Fhleadh Cheoil na hÉireann.
Ghlac Buckley leis an treoir agus dúirt go n-úsáidfí canúint níos neodraí.
Dúirt urlabhraí Gaillimh 2020 sa ráiteas a chuir siad ar fáil faoin scéal gur bhain an chumarsáid le feachtas a fhorbairt chun Gaillimh 2020 a chur chun cinn ar theilifís, raidió agus ar ardáin dhigiteacha RTÉ.
“Rinne an dá pháirtí gach gné den fheachtas sin ón gcoincheap go dtí an script, an guthú agus na híomhánna, a phlé, a fhorbairt agus a aontú i gcomhar le chéile.
“Rinneadh an feachtas a fhorbairt ó thaobh dearcadh éagsúil phobal idirnáisiúnta Gaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa, ar mhaithe lena chinntiú go gcruthófaí an feachtas bolscaireachta ab fhearr, feachtas a léireodh an clár cultúir iomlán – áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta” a dúirt urlabhraí ó Gaillimh2020.