Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta

An Ríocht as riocht

| 1 |

Dónall Mac Giolla Chóill

Beidh daoine a bhfuil aithne acu orm ar an eolas go gcaithim cuid de gach bliain ar an taobh contráilte de Mhuir Éireann.

I mbolg an arrachta, mar a deir cara liom.

Níos luaithe i mbliana chuaigh mé anonn ar feadh sé lá, thart ar am na Féile Pádraig.

Trí mhí i ndiaidh na saoire sé lá sin, tháinig mé ‘na bhaile.

Ba iad sin na sé lá b’fhaide i mo shaol.

Tá cúis amháin ann ar maith liom tamall a chaitheamh ar an taobh thall, mar is san áit féin a bhfaigheann tú tuigbheáil níos fearr ar an dream eile.

Is cinnte go bhfuil ríocht aontaithe ann, i bprionsabail.

Is cinnte fosta gurb ann do rud darb ainm ‘Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann’.

Ní thig sin a shéanadh, bómán a dhéanfadh iarracht fíric na staire a shéanadh.

Ach mar bhómán, agus duine a chaithfeas méid áirithe focal a chur ar leathnach le híocaíocht a fháil, séanaim gurb ann i bhfírinne don Ríocht Aontaithe, ach amháin ar pháipéar.

I ndiaidh dom trí mhí a chaithemh i measc na Sasanach, i Surrey, bruachcheantar de chuid Londan, gar do Wimbeldon, tá go leor tuigbheála agam ar na Sasanaigh, lucht na Ríochta Aontaithe.

Anois tá siad ann a bhfuil trua acu dom, go raibh orm trí mhí a chaitheamh thall ansin, faoi dhianghlasáil ag Gallaibh.

Deirim leo siúd a léiríonn trua dom gur crua an pionós a chuir mé isteach.

Ag pointe amháin, maidin amháin, mar gheall ar gur neach fiosrach mé, sheas mé ar na scálaí meá.

Anois ba bhreá liom a bheith ábalta a fhógairt anseo cén meáchan a bhí mé i ndiaidh trí mhí de bheith cothaithe ag col seisir, ach ní raibh mé ábalta an méid a tháinig aníos ar an scáileán taobh le mo chuid ladhracha a léamh.

Ní raibh mé ábalta mo chuid ladhracha a fheiceáil fiú.

Bhí siad ann, i bprionsabal, agus bhí fianaise áirithe agam gurbh ann dóibh, agus mhothaigh mé iad, ach ní léir dom iad thíos faoin maróg sin a bhí ag fás thart fá mo choim.

Agus mé thall ansin, mhothaigh mé go bhfuil bréag bhunúsach i bprionsabal na Ríochta Aontaithe.

Ag tús na paindéime seo, bhí nós ag Rúnaithe Stáit na Ríochta Aontaithe agus ag saineolaithe sláinte agus eolaíochta seasamh gach tráthnóna thart ar a cúig a chlog, agus nuashónrú a dhéanamh ar pé rud a thit amch le lá anuas.

Ar feadh fada go leor, seo mise i mo shuí amuigh i ngairdín cúil, i Surrey Shasana, t-léine agus brístí beaga (déan iarracht gan é a shamhlú, ní pictiúr é a chuirfeadh sonas i do chroí – fág aige sin é, mar a dúirt an té a dúirt é), mé ag éisteacht leis an raidió, leis an nuacht, le líon na mbásanna agus na ndaoine galraithe ag ardú lá i ndiaidh lae.

Na Stáit Rúnaithe, an Príomh-Aire, ag fógairt athruithe laethúla sa dóigh go mbeadh cead agat do shaol a chaitheamh.

Ansin i ndiaidh tamaill, thuig mé gur minice iad ag tagairt do Shasana amháin seachas don Ríocht iomlán aontaithe, bhuel Dhá Ríocht, Prionsacht agus Dhá Thriain de Chuige.

Sa lá atá inniu ann, go mórmhór mar gheall ar na déabhlóid, nuair a labhraíonn an Príomh-Aire, nó Stát Rúnaí Sláinte, Oideachais, Iompair srl, is ar son Shasana amháin a labhraíonn siad. Ní ró-mhinic a bhíonn tionchar acu ar thaobh s’againne den tsaol – fiú go minic rudaí a d’fhógair Seansailéir an Státchiste le linn na paindéime, níor bhain siad linne ach amháin mar gheall ar an rud a dtugtar ‘sochar iarmhartach’ air mar gheall ar fhoirmle a chruthaigh fear dar sloinne Barnett, a deir go búnúsach go gcaithfear airgead a dháileadh ar fud na Ríochta de réir mar a chaitear i Sasana é, de réir daonra.

Go bunúsach, mar shampla, dá mbeadh Rialtas na hÉireann ag cloí leis an chóras seo, i gcás gach euro a chaitheann siad i Mín an Chladaigh, bheadh orthu dhá Euro is caoga cent a chaitheamh ar mhuintir Bhun an Leaca, ach ná habair sin le muintir Bhun an Leaca – samhlaigh dá mbeadh dhá euro go leith acu le caitheamh eatarthu, bheadh sé ina chogadh dearg agus bheadh deireadh le cibé cuma atá ar dhlí agus ord ar an bhaile sin.

Labhair go beag agus ná habair a dhath…

Ach sin a d’fhoghlaim mé i ndiaidh tamall: go labhraíonn Boris Johnson do mhuintir Shasana amháin.

Tá bealach iomlán éagsúil ag Nicola Sturgeon ó thuaidh in Albain le tabhairt faoin phaindéim, agus Mark Drakeford i gCymru, tá a dhóigh féin aige déileáil leis fosta.

Agus againne sa bhaile, in Oirthuaisceart Uladh/Na Sé Chontae/Ar Wee Pravince/Norn Iron, tá bealach eile ar fad ag Arlene Mhór agus Michelle Bheag le déileáil leis an ghalar, le saineolaithe ar nós Sammy Willson agus Edwin Poots ag roinnt comhairle agus saineolais go fial flúirseach fairsing ar fud na tíre mar a bheadh feirmeoir ag scaipeadh aoiligh roimh chur na bprátaí.

Anois tá mise sean go leor le cuimhniú siar ar na seanlaetha, nuair a bhí rudaí dubh agus bán, ar an teilifís ar aon nós.

Tá a fhios agam go bhfuil siad ann anois áléamh seo nach gcreideann go raibh am ann nuair a bhí an pictiúr ar an scáileán dubh agus bán, go raibh an teilifís ar nós bosca ann, agus ualach mar a bheadh cliabh mónadh ann.

Ó agus bhí guthán (an áit a raibh guthán) ceangáilte den bhalla.

Anois do na léitheoirí sin (an bheirt acu ar a laghad) atá ró-óg le cuimhniú air sin, caithfidh go measann siad go bhfuil mise i mo Mhatúsalach amach is amach, agus seans go bhfuil.

Thiocfadhará faoi scríbhneoirí go bhfuil siad ag éirí sean nuair atá na heagarthóirí níos óige ná iad, ach bhí sé d’ádh ormsa le fada an lá go bhfuil eagarthóir an phíosa seo níos óige ná mé, agus go gcuirim go leor meancóg isteach leis na blianta a chur air.

Níl neart ag an duine bhocht air sin, rugadh níos óige ná mé é, agus níl cuma air go bhfuil sé ag dul anonn i mblianta, tá mé agrá leat – tá mé ag iarraidh an pictúir sin san áiléar a fheiceáil.

Ach pointe mo rámhaille?

Cuir i gcuimhne dom…(comhartha go bhfuil mé ag dul anonn in aois,damnú), ó sea.

Tá mise sean go leor le cuimhniú artheacht na bhaile ón scoil bheag agus ag cur an teilifís ar siúl tráthnóna Dé Máirt le Maighread Bhean anTuíodóra ag seasamh ag an bhosca agus í ag cur thairstifaoi seo nó siúd.

Nuair a labhair sise, d’éist an Ríocht agus iad aontaithe, go minic ina coinne.

Ina diaidhtháinig John Major, agus d’fheadfá ará gurbh eiséan an Phríomh-Aire deireanach ar an Ríocht Aontaithe.

Leis an socrú déabhlóide, cuireadh deireadh leis an aontas idir na ríochtaí.

Mar a dúirt Maggie Mhór blianta ó shoin, níorbhann dontsochaí – dúirt sí go raibh fir agus mná ann, agus teaghlaigh, ach níorbhann don tsochaí.

D’fheadfaí a rá anois mar sin nach bhfuil ann don Ríocht Aontaithe ach amháin ar léarscáil agus ar pháipéar.

Marchruthú air sin, dá mbeadh a leithéid de dhíth, chuaigh mé isteach i siopa i Wimbeldon agus bhí cúig phunt i mo sparán, nóta de chuid Bhanc na hÉireann a bhí ann agus an focal ‘sterling’ scríofa air.

Rinne mé iarracht leabhair a cheannach leis.

“Brón orm,” arsa mo bhean ag an scipéad, “ach ní ghlacann muid le hairgead eachtrannach.”

Chuir mé in iúl di gur steirling a bhí ann, ach bhí fear inasheasamh ansin, agus chuir sé a ladhar isteach.

“An ceart ar fad agat,” arsa seisean, “ní ghlacfainnse féin le rud ar bith nach raibh cloigeann na banríona air! An ceart agat.”

Agus mé ag siúl amach as an siopa, bhí taom tírghrá ag teacht ar an fhear nach raibh baint ná páirt aige leis an scéal ina thús, agus é ag léimtighsuas síos mar a bheadh abhac feargach ann i gceann de na síscéalta a léigh muid agus muid inár bpáistí, agus é ag dul “Waaaas wong wiv da Queen!?!”

D’imigh mise liom go meidhreach, bhí mé i ndiaidh cur isteach ar Shasanach fir, agus seans fíorbheag go raibh tuigbheáil ag teacht chuige nach raibh ríocht nabanríonas’aige chomh haontaithe sin i ndiaidh sin agus eile.

Níos mó