![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-an-la-nollag-is-fearr-do-tg4-o-bhi-2009-ann](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F01%2F32819-an-la-nollag-is-fearr-do-tg4-o-bhi-2009-ann.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=5aa94768)
An Lá Nollag is fearr do TG4 ó bhí 2009 ann
Bhí an lucht féachana is mó ar Lá Nollag ag ó bhí 2009 ann ag TG4 ar Lá Nollag 2020. Dúradh i ráiteas a d’eisigh an stáisiún teilifíse Gaeilge tráthnóna go raibh sciar 3.6% den lucht féachana ag TG4 ar an 25 Nollaig.
Bhreathnaigh 156,600 duine ar an gclár The Dubliners – The Parting Glass ar an lá sin, an clár is mó a mheall lucht féachana i gcaitheamh na Nollag. Bhí roinnt mhaith daoine ag breathnú ar an gclár faisnéise a craoladh faoin aisteoir Éireannach Maureen O’Hara, Banríon Hollywood, agus 73,300 breathnóir, nó sciar 5.03%, ag TG4 agus an clár sin á chraoladh.
Ceolchoirm eile, Come All You Dreamers le Christy Moore, an dara clár is mó a mheall an lucht féachana i gcaitheamh na féile. Bhí 85,500 duine ag breathnú ar an gceolchoirm sin a craoladh ar an 27 Nollaig.
De réir na bhfigiúirí a d’eisigh TG4, ba sa scannán Éireannach Into The West ba mhó a chuir an lucht féachana spéis i mbliana, scannán a craoladh ar Lá an Dreoilín agus a mheall 68,200 duine.
46,200 duine a bhreathnaigh ar an gclár speisialta a craoladh ó Óstán na Sceilge sa Daingean Oíche Chinn Bliana, Fáilte 2021, inar chuir Dáithí Ó Sé agus Muireann Nic Amhlaoibh fáilte roimh an mbliain nua.