Tá ráite ag an gcraoltóir cáiliúil Ryan Tubridy gur mhaith leis an Ghaeilge a thabhairt ar ais ina shaol.
Dúirt an craoltóir an méid sin agus é ag fógairt ar a chlár raidió ar maidin go mbeadh RTÉ Home School Hub ag teacht ar ais ar an scáileán.
Is nuair a seoladh téacs isteach chuige le rá go mbeadh Cúla4 ar Scoil ag tosú arís chomh maith ar TG4 a luaigh Tubridy a spéis féin sa teanga.
“Is breá liom TG4. Ba mhaith liom an Ghaeilge a thabhairt ar ais i mo shaol ar bhealach éigin, agus déarfainn gur rud é a dtabharfainn faoi nuair a bheidh an rud seo curtha dínn againn.
“Dá bhféadfainn í a fhoghlaim ar bhealach atá éasca. Bealach éasca atá uaim. Í a fhoghlaim ar bhealach atá éasca agus cairdiúil.
“Níl mé ag iarraidh a bheith ag déanamh imní faoin modh coinníollach. Níl uaim dáiríre mar thús ach ‘Chuaigh mé go dtí an siopa’ agus feicfimid linn ansin.
“Tá mé tosaithe ag titim beagáinín i ngrá leis an nGaeilge arís agus a bhuíochas sin ar fad do TG4. Is é TG4 is cúis leis agus rudaí eile. Ach is cinnte go bhfuil baint ag TG4.
“Ní geallúint dhaingean í sin, bíodh a fhios agaibh. Níl mé ag iarraidh go mbeidh aiféala orm fúithi. B’fhéidir nach bhfuil ann ach scal beag an Covid.”
Ar ndóigh bhí sin-seantuismitheoirí an chraoltóra ina múinteoirí i Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gConamara agus bhí a sheanathair Seán Tubridy ina Theachta Dála i gConamara agus bainteach leis an eagraíocht Muintir na Gaeltachta a bhunú le Máirtín Ó Cadhain.
Labhair Ryan Tubridy cheana faoin “ardú croí” a bhaineann lena chuairteanna ar Chonamara.