Tá 50 duine eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.
3,498 cás nua den ghalar atá deimhnithe.
1,850 duine a bhfuil an coróinvíreas orthu atá sna hospidéil agus tá184 acusan in aonad dianchúraim, an líon is mó riamh.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte tráthnóna gur léir ón bhfianaise is déanaí go bhfuil “obair an-chrua go deo déanta againn le roinnt seachtainí chun líon na ndaoine a mbuailimid leo a laghdú”.
Ag deireadh mhí na Nollag bhí seisear gartheagmhálaithe ag gach duine a tholg an víreas, ach tá an líon sin íslithe anois go dtí 2.3 duine.
Dúirt Glynn gur a bhuíochas don “iarracht iontach sin” atá líon na gcásanna tosaithe ag titim ach nach bhfuil an iarracht sin éasca.
“Tuigimid go maith go bhfuil sé an-deacair líon na ndaoine a mbímid ina gcomhluadar a choinneáil íseal, go háirithe ar feadh tamall fada. Ach sin é an bealach is mó atá againn chun muid féin agus ár muintir a choinneáil slán ón Covid-19.
“Arís inniu, tá an líon is airde daoine le Covid-19 in ospidéil le fógairt againn. Caithfimid fanacht sa mbaile chun muid féin agus a chéile a chosaint.”
Bhain 421 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 187 cás a bhí i nGaillimh, 164 cás a bhí i bPort Láirge agus 128 cás a bhí i nDún na nGall.
114 cás a bhí i gcontae na Mí, 97 cás a bhí i Maigh Eo agus 90 cás a bhí i gCiarraí.
Bhí 1,182 den 3,498 cás nua inniu i mBaile Átha Cliath.
Tá ráta coicíse an Covid-19 anois ag 1,533.6 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.
Tá an ceathrú ráta is airde sa tír i bPort Láirge – 2,028.
Ráta 1,721.7 a bhí i Maigh Eo, 1,598.1 a bhí i nDún na nGall agus 1,590.6 a bhí i gCorcaigh. Ráta 1,312 a bhí i gcontae na Mí, 1,134.7 a bhí i gCiarraí agus 1,089.7 a bhí i nGaillimh.
Fógraíodh an líon is mó básanna de dheasca an Covid-19 in aon lá amháin ó thús na paindéime i dTuaisceart Éireann tráthnóna.
Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 26 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Is le lá anuas a bhásaigh 21 duine acu.
Fógraíodh 1,052 cás nua den ghalar níos túisce tráthnóna.
840 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt, suas 118 ó inné. Tá 63 díobhsan in aonaid dianchúraim.
260,382 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 166,548 cás ó dheas den teorainn agus 93,834 cás ó thuaidh di.
4,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,536 duine ó dheas den teorainn agus 1,559 duine ó thuaidh di.
Bíonn an t-eolas is déanaí faoi chomharthaí sóirt an Covid-19 sa bpobal le fáil ar COVID-19 Dashboard. Ón lá inné, tá líon na ndaoine a fuair an chéad dáileog an vacsaín le fáil ar an deais sin.