481 post lánaimseartha a cailleadh in 2020 i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta nuair a chuirtear san áireamh líon na bpostanna a cruthaíodh le linn na bliana céanna.
De réir Ráiteas Deireadh Bliana 2020 na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga, a foilsíodh inniu, tháinig glanlaghdú 6% ar líon na bpostanna ar thacaigh an tÚdarás leo i gcomparáid le 2019.
7,363 post lánaimseartha agus 437 post páirtaimseartha a bhí i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ag deireadh na bliana 2020. 7,844 post lánaimseartha agus 374 post páirtaimseartha a bhí gceist in 2019.
Agus a rian fágtha ag an bpaindéim ar chúrsaí turasóireachta go háirithe, bhí glanlaghdú fostaíochta i gceist i ngach contae Gaeltachta seachas contae Mí, mar a raibh méadú 2% ann.
Ciarraí ba mheasa a bhí buailte agus laghdú 12% ar líon na ndaoine a bhí fostaithe i gcomhlachtaí an Údaráis sa chontae.
I nGaeltacht na Gaillimhe atá an líon is mó post ann. Glanlaghdú de 95 post a bhí i gceist sa Ghaillimh in 2020. 2,995 post lánaimseartha a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite i gcomparáid le 3,090 in 2019. B’ionann sin agus laghdú 4.3%.
2,168 post a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nDún na nGall ag deireadh 2020, glanlaghdú 158 post ó 2019 nuair a bhí 2,326 post ann. B’ionn sin agus laghdú 6.8%.
Thit líon na bpostanna i gCiarraí ó 695 post in 2019go dtí 611 in 2020, glanlaghdú 84 post, nó 12%.
Glanlaghdú 71 post a bhí i gceist i Maigh Eo, mar a raibh 604 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2020.
I nGaeltacht na Mí bhí glanmhéadú cúig phost i gceist agus 215 post ar fad i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite, ardú 2%.
Bhí 664 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Chorcaí ag deireadh na bliana 2020, i gcomparáid le 699 post in 2019. B’ionnan sin agus laghdú 5% i gCorcaigh.
Ní raibh ach laghdú trí phost i gceist i nGaeltacht Phort Láirge mar a raibh 146 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2020.
Deirtear i dtuarascáil an Údaráis gur bhain 435 dá gcuid comhlachtaí leas as ciste €7.4 milliún a cuireadh ar fáil in 2020 chun cabhrú le comhlachtaí dul i ngleic leis an bpaindéim agus an Breatimeacht.
Cuireadh €8 milliún eile ar fáil don Údarás in 2020, mar chuid de chlár spreagtha post an Rialtais. 45 togra caipitil atá luaite leis an maoiniú sin. Obair athchóirithe ar fhoirgnimh, ionaid cóireála fuíolluisce, deisiúchán agus insliú díonta atá i gceist leis na tograí. Faoi dheireadh 2020 bhí tús curtha le 25 ceann de na tograí agus bhí seacht gcinn acu críochnaithe.
Maidir le an bpróiseas pleanála teanga, bhí pleananna teanga chur i bhfeidhm in 18 den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta faoi dheireadh 2020. Bhí 18 Oifigeach Pleanála Teanga agus ceathrar Oifigigh Cúnta Pleanála Teanga fostaithe chun na pleananna sin a chur i gcrích.
Údar sásaimh a bhí sna figiúirí fostaíochta in 2020 i bhfianaise na paindéime, a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh.
“Bliain anróiteach a bhí inti ar go leor bealaí cinnte ach táimid an-sásta leis an leibhéal gníomhaíochta agus tacaíochta ar éirigh le hÚdarás na Gaeltachta a chur ar fáil i gcúinsí nach raibh aon choinne leo. Rinneadh infheistíocht mhór in infreastruchtúr gnó na Gaeltachta, agus tá infheistíocht á déanamh i gcúrsaí teanga sna pobail ag leibhéal nár facthas roimhe seo,” arsa Príomhfheidhmeannach an Údaráis.
Dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair nach raibh bliain chomh “dúshlánach” le 2020 “le cuimhne na ndaoine”.
“Cúis bhróid é freagra na Gaeltachta ar an éigeandáil daonna seo agus is údar misnigh don Bhord é an tseasmhacht atá léirithe go dtí seo ag gnóthaí agus pobail Ghaeltachta. Níl aon dabht ach go mbeidh na hacmhainní cuí ag teastáil chun téarnamh cuí agus forbairt a bhaint amach sa Ghaeltacht sna blianta atá romhainn ach tá tús maith curtha leis sin agus buiséid mhéadaithe agus bhreise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta do 2021.
“Tá blianta cinniúnacha amach romhainn sna Gaeltachtaí ach tá Bord Údarás na Gaeltachta ar aon ghuth agus tiomanta tacú le pobail na Gaeltachta i gcúrsaí teanga, cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíochta ar gach bealach gur féidir agus na gníomhaíochtaí agus acmhainní cuí ina leith sin a éileamh.”