Tá Bród agus Misneach ag siúl le hUachtarán na hÉireann.
Tá sé deimhnithe ag Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn go bhfuil coileán nua faighte aige agus Misneach atá baiste aige ar an ngadhairín.
Mar is nós leis an Uachtarán le blianta fada, madra sléibhe Beirneach é an coileán nua agus ainm Gaeilge atá air.
Dúirt urlabhraí de chuid an Uachtaráin go raibh “coileán cuíg mhí d’aois á thraenáil” ag an Uachtarán Ó hUigínn. Roghnaigh an tUachtarán an t-ainm Misneach don choileán le feiliúint don “saol mar atá sa tír”.
Is mór an chaint is an gean atá cothaithe ag madraí an Uachtaráin sa tír seo agus níos faide ó bhaile.
Bíonn na madraí in éineacht leis an Uachtarán agus a chéile agus iad ag cur fáilte oifigiúil roimh aíonna ag an Áras agus is breá le daoine an nádúr séimh cairdiúil a fheictear iontu.
Cailleadh Síoda, ceann den dá mhadra sléibhe a bhí aige, mí Mheán Fómhair tar éis ráig thobann tinnis agus tá Bród aige go fóill. Bíonn Bród agus Misneach ag spaisteoireacht leis an Uachtarán agus iad ag cloí leis an scaradh sóisialta i dtearmann an Árais.
Madraí oibre ab ea na madraí sléibhe seo de bhunadh na hEilvéise mar a mbídís ag seoladh beithíoch. Tá cáil an dea-iompair, an chairdis agus na humhlaíochta ar an bpór seo agus iad feiliúnach go maith d’Uachtarán tíre.
Níor chaill fear an mhisnigh riamh é a deirtear agus ní bheidh aon easpa comhluadair ná meanman ar an Uachtarán agus Bród agus Misneach lena chois.