Tá Liam Ó Maolaodha ag éirí as mar Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge tar éis dó 25 bliain a chaitheamh i gceannas ar an eagraíocht.
I ráiteas a d’eisigh an tOireachtas tráthnóna, dúradh go mbeidh Ó Maolaodha ag dul ar scor an samhradh seo.
Tá fás as cuimse tagtha ar mhórfhéile na heagraíochta, Oireachtas na Samhna, le linn na tréimhse atá caite ag Ó Maolaodha i gceannas ar an eagraíocht agus féile an-mhór anois í le hais mar a bhí 25 bliain ó shin.
Dúradh freisin gur threoraigh sé an eagraíocht trí “tréimhse chorrach” nuair a bhí atheagar á dhéanamh ar na heagraíochtaí Gaeilge ag Foras na Gaeilge. Roghnaíodh Oireachtas na Gaeilge mar cheann de na sé cheanneagraíochtaí Gaeilge in 2014.
Bhí Ó Maolaodha gníomhach san Oireachtas le blianta fada. Ceapadh ina bhall den Choiste Náisiúnta é i 1979 agus bhí sé ina Chathaoirleach idir 1990–1992, trréimhse inar tionóladh Oireachtas na Samhna ina cheantar dúchais féin, Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath. Ceapadh é ina Stiúrthóir ar an Oireachtas mí Feabhra 1996.
“Gabhaim buíochas ó chroí le Liam Ó Maolaodha, thar mo cheann féin agus thar ceann an Bhoird Stiúrtha, as an eagraíocht a stiúradh go stuama, misniúil, coinsiasach, le spiorad agus le paisean le 25 bliain anuas,” a dúirt Cathaoirleach Bhord Stiúrtha an Oireachtais, Máirín de Brún. “Guím rath agus sonas air i ngach a ndéanfaidh sé ina shaol amach anseo.”