Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-an-21u-plean-teanga-ceadaithe-ag-aire-stait-na-gaeltachta

An 21ú plean teanga ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta

| Tuairisc.ie |

Té plean teanga do limistéar Oirthear Chathair na Gaillimhe faofa ag an Aire Stáit Jack Chambers – an 21ú plean teanga Gaeltachta atá ceadaithe go dtí seo.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú do 26 ceantar Gaeltachta ar fad. Tá ceithre phlean teanga Gaeltachta eile á mbreithniú ag Roinn na Gaeltachta i láthair na huaire agus ceann amháin eile fós le cur faoi bhráid na Roinne.

Is í an eagraíocht An Bruach Thoir a chuirfidh an plean i bhfeidhm agus beidh liúntas bliantúil €100,000 ar fáil dóibh chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú agus chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean.

Agus an plean á cheadú inniu dúirt an tAire Stáit Jack Chambers gur céim mhór chun cinn a bhí ann don phleanáil teanga i nGaillimh.

“De thoradh ceadú phlean teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe faoin bpróiseas pleanála teanga, cuirfear tús leis an bplean a chur i bhfeidhm gan rómhoill. Beifear in ann Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú chun an plean a chur i bhfeidhm sa dúiche,” a dúirt sé. 

“Is céim mhór chun cinn é seo don limistéar agus don phróiseas pleanála teanga i nGaillimh. Táim cinnte de go mbainfidh pobal an limistéir leas as an infheistíocht shuntasach bhliantúil a chuirfear ar fáil as seo go ceann seacht mbliana chun cabhrú le feidhmiú rathúil an phlean. Tréaslaím le Coiste Pleanála Teanga an Bhruaigh Thoir as gach atá déanta acu go dáta chun an pointe seo a bhaint amach agus guím gach rath orthu le feidhmiú an phlean sa tréimhse atá rompu.”

Tá pleananna teanga fós le faomhadh i gcás cúig cinn de na Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta; An Ghaeltacht Láir i nDún na nGall; Cléire i gCorcaigh; Maigh Eo Thiar; Bearna agus Cnoc na Cathrach, agus Oileáin Árann i gcontae na Gaillimhe.

Tá 18 oifigeach pleanála teanga agus ceathrar oifigeach pleanála teanga cúnta fostaithe faoin gcóras go dtí seo.

Dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta atá ceadaithe go dtí seo – An Daingean agus Leitir Ceanainn. Tá oifigeach pleanála teanga amháin fostaithe i Leitir Ceanainn.

Tá pleananna teanga Chathair na Gaillimhe agus An Chlocháin Liath, á scrúdú ag an Roinn faoi láthair agus tá ullmhú pleananna teanga ar bun i gcúig cinn de bhailte eile faoi láthair – Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidhbhín, Corcaigh, Dún Garbháin agus Trá Lí

Tá trí Líonra Gaeilge ceadaithe go nuige seo faoin bpróiseas – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin.

Níos mó