Tá breithiúnas tugtha sa chéad chás riamh ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i nGaeilge leis.
Cuireadh an cás faoi bhráid na cúirte chun soiléiriú a fháil faoi cé acu an bhfuil sé de rogha ag cúirt i mballstát de chuid an AE diúltú faoiseamh a cheadú i gcás faoi chearta a bhaineann le dlí na hEorpa.
Chinn an Chúirt Bhreithiúnais i Lucsamburg inniu go gcaithfidh an Ard-Cúirt in Éirinn a dhearbhú gur theip ar an Stát cloí leis treoir gur gá an Ghaeilge a chur ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe. Cinneadh gur gá feidhm a thabhairt don treoir sin láithreach in ainneoin go bhfuil sí hathrú an bhliain seo chugainn.
Seo an chéad uair ó rinneadh ball den AE d’Éirinn i 1973 gur phléigh an chúirt le cás i nGaeilge agus meastar gurb é an chuid is tábhachtaí den scéal ó thaobh na teanga de ná go bhfuil sé cruthaithe anois gur féidir leis an AE plé, gan aon deacrachtaí, le cás i nGaeilge.
Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis d’ainmhithe.
Cinneadh san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath mí Iúil 2019 go bhfuil dualgas teanga faoi dhlí Eorpach á shárú ag an stát seo mar go gceadaítear Béarla amháin a úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.
Cinneadh sa chúirt chéanna ag deireadh na bliana 2019 ceist a d’eascair as cás Mhic Fhlannchadha, a chur faoi bhráid na cúirte i Lucsamburg.
Soiléiriú a theastaigh ón mBreitheamh Ard-Chúirte Úna Ní Raifeartaigh maidir le ceist dlí faoi threoracha Eorpacha.
#ECJ: Images from the delivery of the first-ever judgment with Irish as the language of proceedings 🇮🇪 (C-64/20 – read by Judge Regan) pic.twitter.com/6HeBfivzwm
— EU Court of Justice (@EUCourtPress) March 17, 2021
Fuair Peadar Mac Fhlannchadha dearbhú na hArd-Chúirte in Éirinn cheana nach raibh a dhualgas faoin treoir Eorpach á chomhlíonadh ag an Stát go fóill.
Fuair sé an dearbhú sin nuair a chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh nár tugadh feidhm cheart don dlí Eorpach sa chás seo.
An treoir Eorpach (2001/82/EC) a bhaineann le táirgí leighis d’ainmhithe a bhí i gceist.
Faoi réir na treorach áirithe sin, a d’eisigh an tAontas Eorpach in 2001, caithfear sonraí a bhaineann le táirgí leighis ainmhithe a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mballstát ina bhfuil na táirgí á ndíol.
Ó 2022 amach, beidh saoirse ag ballstáit an Aontais maidir le lipéadú agus beidh cead ag an Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid.
Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh go mb’fhéidir nárbh fhiú tosú anois ar an bpacáistiú a dhéanamh dátheangach ó tharla go mbeidh an treoir nua faoin ábhar á tabhairt isteach in 2022.
Bhí ceist ann an faoin gcúirt a bhí sé cinneadh a dhéanamh faoin méid sin, a dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh.
Tá breithiúnas tugtha faoin gceist sin sa Chúirt i Lucsamburg inniu.
Rinne Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge comhghairdeachas le Peadar Mac Fhlannchadha agus a fhoireann dlí.
“Ní raibh ó Pheadar ach na cearta céanna teanga a chuirtear ar fáil ar fud na hEorpa ach shéan Rialtas na hÉireann na cearta sin air. Táimid ag súil go bhfeidhmeoidh Rialtas na hÉireann anois láithreach bonn leis an dlí a chur i bhfeidhm mar atá rialaithe inniu.”