Tháinig an drochscéala inné go raibh Risteard Mac Aodha, damhsóir, gníomhaí teanga agus cultúir, ar shlí na fírinne. As Boston a tháinig Risteard go hÉirinn agus d’fhoghlaim sé an Ghaeilge, na hamhráin agus an damhsa ar an tseanstíl.
Chaith Risteard tamall i Vítneam in arm Mheiriceá agus mar a rinne lena lán eile, d’fhág uafáis is brúidiúlacht na cogaíochta sin a lorg ar a intinn, a mheon agus a theaghlach.
Is iomaí áit i gConamara agus in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ar leag Risteard a chos agus is beag duine a rinne an oiread ar son chultúr is oidhreacht na Gaeltachta leis.
Ní raibh aon duine ina dhiaidh air nuair a bronnadh corr éisc an Phléaráca air – Gradam Phléaráca Chonamara ar son na hoibre deonaí ar fad a rinne sé leis na healaíona dúchais a chur chun cinn i measc an phobail.
Ceannródaí ab ea Risteard ó thaobh an ceol dúchais a chur amach ar cháisíní is CDanna – Fonnadóirí na nOileán; An Ghaeltacht Bheo le Máirtín Tom Sheáinín is Anne Marie Mac Donnchadha; Nóra Ghriallais, PJ Sonaí Choilm Learaí, Tomás Mac Eoin.
Bhí an-suim go deo ag Risteard sa damhsa ar an sean-nós agus is iomaí sin céipear a dhamhsaigh sé fhéin ag féilte is comórtais, bíodh bróga nó wellingtons air. Ba é a bhunaigh Féile Damhsa Chóilín Sheáin Dharach i Ros Muc in ómós don damhsóir paiteanta sin agus is mairg a déarfadh go mbeadh ‘Steip’ sa bhfaisean dá uireasa.
Ócáid eile a bhí gar do chroí Risteaird an chuairt a d’eagraíodh sé ar na hionaid altranais sa gceantar agus meitheal ceoltóirí, seanchaithe is damhsóirí ina theannta.
Is minic an chorr éisc le feiceáil i gConamara agus é de cháil uirthi a bheith fiosrach agus críonna, dhá bhua a bhí go láidir ag Risteard.
Rinne Risteard Mac Aodha a dhá chion do phobal na Gaeltachta agus chuir sé comaoin mhór orainn. Ceol is pléaráca aige sa tsíoraíocht.