Tá treoir eisithe ag an Roinn Oideachais do scoileanna maidir le reáchtáil bhéaltrialacha na hArdteiste ach ní bheifear ag tabhairt scrúduithe cainte ná béaltrialacha orthu mar is agallamh atá i gceist i mbliana.
Reáchtálfaidh na scoileanna na hagallaimh idir an 26 Márta agus an 15 Aibreán taobh amuigh d’uaireanta ranga. Beidh na scoileanna dúnta do shaoire na Cásca idir an 29 Márta agus an 9 Aibreán ach is faoin scoil féin am agus dáta na n-agallamh a roghnú.
Féadfaidh siad múinteoir cáilithe sa scoil nó sa gceantar a fhostú ach ní gá gur múinteoir Gaeilge a bheadh i gceist ach an scoil a bheith sásta go bhfuil cumas maith Gaeilge ag an agallóir.
Beidh cúntóir riaracháin le ceapadh chomh maith chun na hagallaimh agus an taifeadadh a riaradh sa scoil.
Molann an Roinn gan níos mó ná trí agallamh san uair a dhéanamh agus a chinntiú go bhfuil taifead cúltaca slán ag an scoil i gcás míthapa. Má bhíonn an t-agallamh róghearr ní bheidh aon chúiteamh le fáil ag an dalta ó Choimisiún na Scrúduithe.
Caithfidh an scoil cloí go docht le treoracha sláinte phoiblí agus beidh peirspéacs agus dhá mhéadar le cur idir an t-agallóir agus an dalta mar go gcuirfeadh masc as do chaighdeán na fuaime ar an taifead.
Aon dalta nach bhféadfaidh freastal ar an agallamh de bharr míchumais, easláinte nó rialacha Covid-19, déanfar an t-agallamh ar Zoom.
An t-athrú is mó ar an gcóras i mbliana nach mbeidh an t-agallóir ná an scoil ag bronnadh aon mharc ar na daltaí ná ag cur ord fiúntais ar fáil. Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh an mharcáil agus an grádú ach a seolfar na taifeadtaí chucu ó na scoileanna. Cuirfear liúntas €19.56 an dalta ar fáil don agallóir agus €146.19 sa lá don chúntóir riaracháin.
Na daltaí a roghnaíonn scrúdú traidisiúnta chomh maith lena ngráid mheasta amháin a bheidh á gcur faoi agallamh.
Níl aon eolas ann go fóill faoi cén difríocht a bheidh idir an t-agallamh agus an scrúdú cainte.