Deir an Tánaiste Leo Varadkar go gcaithfí machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú mar chuid d’aon iarracht Éire a athaontú.
Ag labhairt dó ar an gclár Claire Byrne Live aréir, dúirt Leo Varadkar go raibh gá le díospóireacht faoi na rudaí a mbeadh daoine sásta a ghéilleadh chun “slí a dhéanamh” don “mhilliún duine ar an oileán seo a deir gur Briotanaigh iad agus ar Briotanaigh iad”.
“Tá rudaí ann a chaithfimid labhairt faoi athrú a dhéanamh orthu. Tóg, mar shampla, an teideal Tánaiste nó an teideal Taoiseach, teidil thaoisigh na nGael iad sin. An mbeadh sé sin cuí in Éirinn Aontaithe mar a mbeadh milliún duine ar Briotanaigh iad.
“Cén saghas caidrimh a bheadh againn leis an mBreatain? Chaithfeadh caidreamh níos dlúithe a bheith ann ná mar atá faoi láthair. Cén chuma a bheadh air sin? Fiú an Ghaeilge, an mbeadh sí ar an gcéad…an dara teanga oifigiúil?”
Deirtear in Airteagal 8 i mBunreacht na hÉireann, “Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í”.
Faoin Airteagal céanna, “glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile”.
Ní hé seo an chéad uair ag Varadkar cás stádas bunreachtúil na Gaeilge a lua agus ‘Éire Aontaithe’ á phlé.
Nuair a bhí sé ina Thaoiseach, dúirt Varadkar ag Féile an Phobail i mBéal Feirste in 2019 go gcaithfeadh daoine a thuiscint gur ‘Stát eile’ a bheadh ann dá mbainfí Éire Aontaithe amach.
Dúirt sé go mbeadh gá sa chás sin le bunreacht nua toisc, mar shampla, go bhfuil an Ghaeilge ina céad teanga oifigiúil de réir Bhunreacht na hÉireann.
Le linn na díospóireachta céanna, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go gcaithfeadh vóta faoi athaontú na hÉireann a bheith ann sa chás go mbeadh sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh.
Dúirt Vardkar gur ábhar scoilte a bheadh ina leithéid de vóta aimsir an Bhreatimeachta agus tráth a bhfuil sáinn pholaitiúil ann ó thuaidh. Mhaígh sé chomh maith gur údar imní a bheadh ann dá vótálfadh móramh an-bheag daoine ar son aontú na tíre.
In 2017 mhol Coiste Oireachtais gur cheart scrúdú a dhéanamh ar an ngá le stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú ar mhaithe le ‘Éire Aontaithe’.
Is minic ceisteanna curtha ag daoine faoi chur i bhfeidhm stádas bunreachtúil na Gaeilge.
Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh i gcinneadh Ard-Chúirte in 2019 go mbíonn stádas bunreachtúil na Gaeilge “floating at an abstract level” os cionn scéal casta na Gaeilge agus dearcadh mhuintir na hÉireann ina leith.
Bíodh gur teibí go maith atá stádas bunreachtúil na teanga, ní hionann sin agus a rá, arsa an Breitheamh, gur aon iarsma “quaint and aspirational” ó shaol 1937 a bhí in Airteagal 8 an Bhunreachta.
In 2015 mhol saineolaí idirnáisiúnta ar chúrsaí dlí gur cheart do bhaill an Oireachtais reifreann a ghairm faoi stádas bunreachtúil na Gaeilge nó seasamh le cearta teanga an tsaoránaigh.