![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-leac-chuimhneachain-in-omos-sheosaimh-mhic-grianna-le-cur-i-mbaile-atha-cliath](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F03%2F37175-leac-chuimhneachain-in-omos-sheosaimh-mhic-grianna-le-cur-i-mbaile-atha-cliath.jpeg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=6c64a4fb)
Leac chuimhneacháin in ómós Sheosaimh Mhic Grianna le cur i mBaile Átha Cliath
Cuirfear leac chuimhneacháin in ómós an scríbhneora Gaeltachta Seosamh Mac Grianna gar don áit ar chuir sé faoi i mBaile Átha Cliath ar feadh blianta fada. Dúirt comhairleoir cathrach de chuid Shinn Féin, an t-iarMhéara Mícheál Mac Donncha, gur glacadh le hiarratas ag cruinniú de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an leac a chur i bPáirc San Anna ar an taobh ó thuaidh den chathair.
Dúirt an Comhairleoir Mac Donncha go léireodh an leac chuimhneacháin “ómós cuí don scríbhneoir seo, as Dún na nGall ó dhúchas ach a mhair i mBaile Átha Cliath le fada”.
Ba as Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall Seosamh Mac Grianna agus a dheartháir Séamus Ó Grianna, beirt de mhórscríbhneoirí Gaeilge an chéid seo caite. Chuir sé síos ar an tréimhse a chaith sé i mBaile Átha Cliath sa leabhar dírbheathaisnéise a scríobh sé Mo Bhealach Féin.
Bhí an Griannach siúlach go maith agus chaith sé tréimhsí in áiteanna éagsúla san ardchathair agus é ina ábhar oide agus ina mhúinteoir ach ba sa teach i gCluain Tarbh a chaith sé formhór a chuid ama i mBaile Átha Cliath. Tá Páirc San Anna suite i dtuaisceart na cathrach idir Cluain Tarbh, Cill Easra agus Ráth Eanaigh. Dúirt an Comhairleoir Mac Donncha go gcuirfear an leac nua ar láthair an tseantí a bhí ag Seosamh Mac Grianna sa cheantar.
Áirítear Seosamh Mac Grianna ar dhuine de na scríbhneoirí Gaeilge ab fhearr riamh agus is minic a mhaítear gurbh é an scríbhneoir ab fhearr a tháinig as Tír Chonaill. Anuas ar a chuid scríbhneoireachta féin, meastar gur aistrigh sé os cionn milliún go leith focal do Scéim Aistriúcháin an Ghúim, agus scríobh sé na mílte focal in ailt, aistí agus colúin i gcaitheamh a shaoil.