Cé hí an bhean mhistéireach seo a sheas an fód do scoil Dhún Chaoin 50 bliain ó shin?
Sin í an cheist atá ag dó na geirbe ag daoine i gCorca Dhuibhne agus eolas á chuardach faoi phictiúr a tógadh 50 bliain ó shin ag ceann de na hagóidí is mó rath i stair na teanga.
Tá an mórshiúil agus agóid chun Scoil Dhún Chaoin a choimeád ar oscailt i mbéal an phobail arís ó tharla go mbeidh 50 bliain an Dé Luain seo chugainn ó bhain an lucht agóide an ardchathair amach ar an 5 Aibreán 1971.
Ar an Saol Ó Dheas inné a tháinig cás na mná mistéirí chun solais nuair a pléadh pictiúr di le húdar an leabhair Dún Chaoin: Oscail an scoil!, Colm Ó Snodaigh.
“Tá pictiúr ann den mháirseáil i mBleá Cliath agus, de réir dealraimh, tá bean óg sa phictiúir agus n’fheadar éinne cé í fhéinig? Níor aithin éinne í an uair sin í nó ní aithníonn éinne inniu í ach ba bhreá le gach éinne fáil amach cé í fhéinig?” arsa Helen Ní Shé ar an gclár.
An rabhais ann? An aithníonn tú an bhean óg seo? Máirseáil do Scoil Dhun Chaoín leath chéad bliain ó shoin i mBleá Cliath? Le plé ar @saolodheas inniu.@RTERnaG @CMacCoille pic.twitter.com/mdvRmlQVoO
— Helen Ní Shé (@MuintirShe) March 31, 2021
Foilsíodh an pictiúr san Irish Times an lá i ndiaidh na hagóide in Oifigí Roinn na Gaeltachta.
Dúirt Colm Ó Snodaigh gur lorg sé eolas ó ualach daoine a bhí i láthair ag an agóid faoin mbean sa phictiúr ach nár éirigh leis aon ní a fháil amach fúithi.
“Ní fheiceann tú é sa ghrianghraf ach bhí Liam Mac Con Iomaire ann agus cuireadh ceist ar siúd. Ní raibh aon aithne aige uirthi.
“Chuireas ceist ar Bhreandán Feirtéar [sa phictiúr ar chlé], Breandán Mac Gearailt, Breandán Ó Buachalla, Aingeal Ó Buachalla, atá slat uaithi ar na céimeanna, Seosamh Ó Cuig, Liam Ó Muirthile, go ndéana Dia grásta air. Gach aon duine. M’athair féin [Pádraig Ó Snodaigh]. Aon duine a bhí bainteach leis seo agus níl aithne ag aon duine uirthi.”
Dúirt Ó Snodaigh go ndeachaigh sé i mbun bleachtaireachta agus go raibh tuairim ann gur deirfiúr Bhreandáin Uí hEithir nó iarbhean chéile Tony Gregory a bhí i gceist ach fuair sé amach nárbh iad a bhí ann.
Mheas Ó Snodaigh go bhfuil “cuma na cathrach” ar an mbean agus go bhfuil seans ann gur ghlac sí páirt san agóid tar éis di scéal a fheiceáil sna nuachtáin nó gur tháinig sí trasna ar an máirseáil agus í sa chathair an lá sin.